Ar an gcuma chéadna, gach duine agaibh‐se nach ndiúltann do gach a bhfuil aige, ní féidir dhó bheith ’n‐a dheisceabal agam‐sa.
Matha 8:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus tháinig scríobhaidhe chuige, agus adubhairt sé leis, A Mháighistir, leanfad‐sa thú cibé áit ’n‐a rachaidh tú. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus tháinig scríobhaí aníos chuige agus dúirt sé leis, “A Oide, leanfaidh mé thú cibé áit a dtéann tú.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus tháinic Scríobhaidhe áirithe, agus dubhairt leis: A Mháighistir, leanfaidh mé thú cibé ar bith áit a rachas tú. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ag teachd do sgríobaigh aírighe, a dubhairt sé ris, A Mhaighisdir, leanfuigh misi thu giodh bé ar bith ball ann a rachaidh tú. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus tháinig fear sgríbhinne chuige agus dubhairt sé leis: A Mháighistir, leanfad thú pé áit ’n-a ngeóbhair. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tháinig scríobhaí chuige agus dúirt: “A Mháistir, leanfaidh mé thú cibé áit a rachaidh tú.” An Bíobla Naofa 1981 Tháinig scríobhaí chuige agus dúirt: “A Mháistir, leanfaidh mé thú cibé áit a rachaidh tú.” |
Ar an gcuma chéadna, gach duine agaibh‐se nach ndiúltann do gach a bhfuil aige, ní féidir dhó bheith ’n‐a dheisceabal agam‐sa.
Cá bhfuil an t‐eagnaidhe? cá bhfuil an scríobhaidhe? cá bhfuil fear iomarbhágha an tsaoghail seo? Nach bhfuil díth‐céille déanta ag Dia d’eagna an tsaoghail seo?
agus is féidir go bhfanfad, nó go gcaithfead an geimhreadh ’n‐bhur bhfochair, chum go gcuirfidh sibh ar aghaidh mé, cibé áit chum a ráchad.