D’á bhrigh sin, gach aoinneach do‐chluin na briathra so agam‐sa agus chuireas i ngníomh iad, samhlóchar é le duine ciallmhar do thóg a theach ar an gcarraig:
Matha 7:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus gach aoinneach do‐chluin na briathra so agam‐sa, agus nach gcuireann i ngníomh iad, samhlóchar eisean le duine gan chéill do thóg a theach ar an ngainimh: An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus gach uile dhuine dá n‑éisteann leis na briathra seo agam agus nach mbíonn á gcur i ngníomh, beidh sé mar an fear amaideach a thóg a theach ar mholl gainimh; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus gach duine a chluineas na briathra seo agam-sa, agus nach ndéan dá réir, béidh sé cosamhail le fear amaideach a thóg a theach ar an ghainimh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus gach uile neach do chlúin mo bhríathrasa, agus nach ccoimhlíonann íad, saimhléochthar é lé duine leamh, neach do thógaibh a thigh air ghaineamh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus gach duine a chloiseann na focail seo uaim-se agus ná deineann beart d’á réir, beidh sé ar nós an amadáin a dhein a thigh ar an ngainimh; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Ach duine ar bith a chluineann na briathra seo a deirim agus nach ndéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear gan tuiscint a thóg teach dó féin ar an ngaineamh: An Bíobla Naofa 1981 “Ach duine ar bith a chluineann na briathra seo a deirim agus nach ndéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear gan tuiscint a thóg teach dó féin ar an ngaineamh: |
D’á bhrigh sin, gach aoinneach do‐chluin na briathra so agam‐sa agus chuireas i ngníomh iad, samhlóchar é le duine ciallmhar do thóg a theach ar an gcarraig:
agus do thuit an fhearthainn, agus tháinig na tuilte, agus do shéid na gaotha; agus do bhuaileadar i gcoinnibh an tighe sin; agus níor thuit sé; mar do bhí sé tógtha ar an gcarraig.
agus do thuit an fhearthainn, agus tháinig na tuilte, agus do shéid na gaotha, agus do bhuaileadar i gcoinnibh an tighe sin; agus do thuit sé: agus ba éachtach é a thuitim.
Acht an té éisteas, agus nach ndéanann, is cosmhail eisean le fear do thóg teach ar an gcré gan bun faoi; agus gur bhuail an tuile ’n‐a choinnibh, agus do thuit sé ar an láthair; agus ba mhór é tuitim an tighe sin.
Acht, a dhuine dichéillidhe, an toil leat a fhoghlaim gur nidh gan éifeacht an creideamh gan gníomhartha?