Adubhairt Peadar leis, Má’s éigean dom bás féin d’fhágháil i n‐éinfheacht leat, ní shéanfad thú. Agus do labhair na deisceabail uile ar an gcuma chéadna.
Matha 26:51 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus féach, duine dhíobh‐san do bhí i bhfochair Íosa, do shín sé amach a lámh, agus do tharraing a chlaidheamh, agus do bhuail sé seirbhíseach an árd‐shagairt, agus do bhain sé a leath‐chluas de. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bʼshiúd duine de lucht leanúna Íosa a shín a lámh agus a tharraing a chlaíomh, agus a bhuail buille ar mhogh leis an ardsagart agus a bhain a leathchluas de. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus féach, duine acu suíd a bhí le h-Íosa, shín sé a lámh, agus tharraing amach a chlaidheamh: agus ag bualadh seirbhíseach an árdshagairt dó, ghearr sé an chluas de. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus, féuch, síneadh a láimhe dfior don mhuinntir do bhí a bhfochair Iósa, do tharraing sé a chloidheamha mach, agus ar mbúaladh searbhfhoghantuighe a nárdshagairt, do bhen sé a chlúas de. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus féach, duine de’n mhuintir a bhí i bhfochair Íosa do shín sé a lámh, agus tharaing sé a chlaidheamh; agus bhuail sé seirbhíseach an árd-shagairt, agus bhain sé an chluas de. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach seo duine de chompánaigh Íosa a shín a lámh chun a chlaímh agus a tharraing, gur bhuail sé seirbhíseach an ardsagairt gur bhain an chluas de. An Bíobla Naofa 1981 Ach seo duine de chompánaigh Íosa a shín a lámh chun a chlaímh agus a tharraing, gur bhuail sé seirbhíseach an ardsagairt gur bhain an chluas de. |
Adubhairt Peadar leis, Má’s éigean dom bás féin d’fhágháil i n‐éinfheacht leat, ní shéanfad thú. Agus do labhair na deisceabail uile ar an gcuma chéadna.
Acht do bhí duine dhíobh‐san do bhí láithreach ’n‐a seasamh do tharraing a chlaidheamh, agus do bhuail sé seirbhíseach an árd‐shagairt, agus do bhain sé an chluas de.
D’fhreagair Íosa, Ní de’n tsaoghal so mo ríoghacht: dá mba de’n tsaoghal so mo ríoghacht do throidfeadh mo mhuinntear, chum nach dtiubharthaí mé ar láimh do na h‐Iúdachaibh: acht anois ní h‐as so dom’ ríoghacht‐sa.
óir ní de’n cholainn ár n‐airm troda, acht atá siad cumasach ó Dhia chum daingne do leagadh;