Féachaidh, cuirim uaim amach sibh ar nós caorach i measc madadh allta: bidhidh, d’á bhrigh sin, chómh glic leis na nathrachaibh nimhe, agus chómh símplidhe leis na colmaibh.
Matha 24:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Féach atá inniste agam daoibh roimh ré. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Féachaigí, tá sé uile inste agam roimh ré. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Féach, d’innis mé díbh é roimh ré. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Féuch, tug mé sgéula dháoibh roimhe a naimsir. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Féach, ta innste agam daoibh roim sé. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tá sé inste agam daoibh roimh ré. An Bíobla Naofa 1981 Tá sé inste agam daoibh roimh ré. |
Féachaidh, cuirim uaim amach sibh ar nós caorach i measc madadh allta: bidhidh, d’á bhrigh sin, chómh glic leis na nathrachaibh nimhe, agus chómh símplidhe leis na colmaibh.
Óir éireochaidh Críostanna bréige, agus fáidhe bréige, agus taisbeánfaid‐sean cómharthaí agus iongantaisí móra, d’fhonn na fíréin toghtha féin do mhealladh, má’s féidir é.
D’á bhrigh sin, má abróchar libh, Feach, atá sé sa bhfásach; ná téighidh‐se amach: Féach, atá sé istigh ins na cúil‐sheomraibh; ná creididh é.
Adubhras libh cheana nuair bhíos láithreach an dara h‐uair, agus anois, ar mbeith as láthair dom, fógraim do na daoinibh do rinne peacadh, agus do na daoinibh eile, má thagaim arís, nach ndéanfad truagh dhaoibh;