Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, tháinig na deisceabail chuige, agus adubhradar, Fásach is eadh an áit seo, agus atá an t‐am caithte cheana, cuir uait na sluaighte, go dtéighid isteach ins na bailtibh beaga, agus go gceannuighid biadh dhóibh féin.
Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt sé leo, An té ag a bhfuil dhá chasóig, tabhradh sé do’n té nach bhfuil casóg aige; agus an té ag a bhfuil biadh, déanadh sé mar an gcéadna.
Do cheap cuid aca, ó bhíodh an sparán ag Iúdás, go ndubhairt Íosa leis, Ceannuigh a bhfuil ag teastáil uainn i gcómhair na féile; nó, rud éigin do thabhairt do na bochtaibh.