Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 14:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, tháinig na deisceabail chuige, agus adubhradar, Fásach is eadh an áit seo, agus atá an t‐am caithte cheana, cuir uait na sluaighte, go dtéighid isteach ins na bailtibh beaga, agus go gceannuighid biadh dhóibh féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

15 Nuair a bhí an tráthnóna beag ann, tháinig na deisceabail chuige agus ar siadsan leis, “Áit uaigneach gan áitreabh atá anseo, agus tá sé mall sa lá cheana féin; cuir na sluaite ar shiúl go dté siad isteach sna bailte agus go gceannaí siad bia dóibh féin.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

15 Agus nuair a bhí sé ina thráthnóna, tháinic a dheisciobail chuige, agus dubhairt; Is fásach an áit seo, agus chuaidh an t-am thart: cuir na sluaighte ar shiubhal, chun go dtéighidh siad isteach ins na bailte a cheannach bídh dóibh féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus an tan tháinic deireadh an láoi tangadar a dheisciobuil chuige, ag rádh, Ait fhásamhail so, agus do chuáidh a naimsear thearainn cheana; léig úait an slúagh, do chum go niméochaidís do na bailtibh, agus go gceannochaidis bíadh dhóibh féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

15 Agus nuair a tháinig an tráthnóna tháinig a dheisgiobuil chuige, agus dubhradar: Fásach iseadh an áit seo, agus tá an aimsir imthighthe. Leig uait na daoine, go dtéighid siad isteach ins na sráidibh agus go gceannaighid siad bia dhóibh féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

15 Nuair a bhí an tráthnóna ann, áfach, tháinig na deisceabail chuige agus dúirt siad: “Áit uaigneach é seo agus tá sé deireanach feasta. Mar sin, scaoil uait na sluaite go dtéidís isteach sna bailte agus bia a cheannach dóibh féin.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

15 Nuair a bhí an tráthnóna ann, áfach, tháinig na deisceabail chuige agus dúirt siad: “Áit uaigneach é seo agus tá sé deireanach feasta. Mar sin, scaoil uait na sluaite go dtéidís isteach sna bailte agus bia a cheannach dóibh féin.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 14:15
7 Tagairtí Cros  

Agus nuair do‐chuala Íosa é, d’imthigh sé i mbád ó’n áit sin, isteach i n‐áit fhásamhail uaignigh: agus nuair do‐chuala na sluaighte sin, do leanadar d’á gcois é ó na cathrachaibh.


Agus tháinig sé amach, agus do chonnaic sé sluagh mór, agus do ghabh truagh mhór dóibh é, agus do leigheas sé iad‐san do bhí breoite.


Acht adubhairt Íosa leo, Ní gábhadh dhóibh imtheacht; tabhraidh‐se rud le n’ithe dhóibh.


Acht ní thug seisean aon fhreagra uirthi. Agus tháinig a dheisceabail, agus d’iarradar air, Cuir chum siubhail í siúd; óir atá sí ag síor‐ghlaodhach ’n‐ár ndiaidh.


agus dá gcuirinn abhaile iad ’n‐a dtroscadh, do rachaidís i n‐anbhfainne sa tslighe; agus atá cuid aca tháinig i bhfad.


Agus do bhí an lá ag dul i ndéidheannaighe; agus tháinig an dáréag, agus adubhradar leis, Cuir na sluaighte chum bealaigh, ionnas go rachaidh siad isteach ins na bailtibh beaga, agus sa tír thart thimcheall, chum lóistín agus lón d’fhágháil: óir is i bhfásach atáimíd annso.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí