ionnas, ag féachain dóibh, go ndearcfaidís agus nach bhfeicfidís; agus ag éisteacht dóibh, go n‐éistfidís agus nach dtuigfidís; ar eagla go n‐iompóchaidís, agus go maithfidhe a bpeacaidhe dhóibh.
Matha 13:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus cóimhlíontar, ’n‐a dtaobhsan, tarngaireacht Ésáias adeir, Le h‐éisteacht cluinfidh sibh, agus ní thuigfidh sibh; Agus ag féachaint daoibh, dearcfaidh sibh, agus ní fheicfidh sibh; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Is iad an tuar a tháinig faoi thairngreacht Ísáia a deir: ‘Cluinfidh bhur gcluasa agus ní thuigfidh sibh choíche, agus féachfaidh bhur súile, agus ní fheicfidh sibh go deo. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus cóimhlíontar ionnta tairngireacht Isaiais, a deir: Ar chluinstin díbh, cluinfidh sibh, agus ní thuigfidh sibh: agus ar fheiceáil díbh, tchífidh sibh, agus ní thabharfaidh sibh fá dear. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus cóimhlíontar ionnta fáigheadóireachd Esaiás, a deír, Le héisdeachd do chluinfidhe, agus ní thuifidhe; agus ag amharc do chífidhe, agus ní budh léir dhaóibh: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus cómhlíontar ionta targaireacht Isáiais, mar a ndeir sé: Le cloisint cloisfidh sibh agus ní thuigfidh sibh, agus ag féachaint chífidh sibh agus ní feicfidh sibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus sin mar atá dá comh-líonadh iontu an tairngreacht a rinne Íseáia: ‘Beidh sibh ag cloisteáil go deimhin ach ní thuigfidh sibh, beidh sibh ag breathnú go deimhin, ach ní fheicfidh sibh, An Bíobla Naofa 1981 Agus sin mar atá á comhlíonadh iontu an tairngreacht a rinne Íseáia: ‘Beidh sibh ag cloisteáil go deimhin ach ní thuigfidh sibh, beidh sibh ag breathnú go deimhin, ach ní fheicfidh sibh, |
ionnas, ag féachain dóibh, go ndearcfaidís agus nach bhfeicfidís; agus ag éisteacht dóibh, go n‐éistfidís agus nach dtuigfidís; ar eagla go n‐iompóchaidís, agus go maithfidhe a bpeacaidhe dhóibh.
Agus adubhairt sé, Tugadh daoibh‐se rúin‐diamhra ríoghachta Dé d’aithint: acht do dhaoinibh eile i samhlaoidibh; ionnas, ag féachain dóibh nach bhfeicfidís, agus ag éisteacht dóibh nach dtuigfidís.
Acht níor éist an uile dhuine leis na deagh‐scéalaibh. Mar adeir Ésáias, A Thighearna, cia chreid ár dtuairisc?
acht do bhí a n‐aigne dallta, óir go dtí an lá so féin, le linn léighte an tseantiomna, fanann an folach céadna gan tógáil: folach atá curtha ar neamh‐nidh i gCríost.