2 Corantaigh 3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 An ag tosnú arís ar ár moladh féin atáimíd? nó an bhfuil gabhadh againn le litreachaibh molta chugaibh nó uaibh, mar tá ag daoinibh áirithe? 2 Is sibh‐se ár litir, atá scríobhtha ’n‐ár gcroidheachaibh, atá d’á thuigsin agus d’á léigheamh ag an uile dhuine; 3 mar is léir gur sibh litir Chríost do cuireadh fá n‐ár gcúram, litir do scríobhadh, ní h‐é le dubhach, acht le Spiorad Dé bhí; ní h‐é ar tháibhléadaibh cloiche, acht ar tháibhléadaibh feola. 4 Agus is tré Chríost atá an mhuinighin seo againn i dtaobh Dé: 5 ní h‐é gur féidir linn éinnidh d’áireamh mar bhéadh uainn féin; acht is ó Dhia thig ár gcumas; 6 is é thug éifeacht dúinn, leis, chum bheith ’n‐ár seirbhíseachaibh do thiomna nua; ní h‐é do réir na litre, acht do réir an spioraid; óir marbhann an litir, acht do‐bheir an spiorad beatha. 7 Agus miniostrálacht an bháis, atá greanta ’n‐a litreachaibh ar chlochaibh, má tháinig sí le glóir, i riocht nárbh fhéidir le clannaibh Israel féachaint go grinn ar ghnúis Mhaoise, mar gheall ar ghlóir a ghnúise: glóir do bhí ag dul i n‐éag: 8 cad chuige nach mbéadh glóir is mó ’ná sin ag miniostrálacht an spioraid? 9 Óir má tá miniostrálacht an damnuighthe glórmhar, is mó ’ná sin go mór atá miniostrálacht na fíréantachta glórmhar. 10 Óir an nidh do‐rinneadh glórmhar, is dearbh nach ndearnadh é glórmhar san gcás so, mar gheall ar an nglóir is fearr. 11 Óir an nidh do bhí ag dul i n‐éag, má bhí sé glórmhar, is mó ’ná sin go mór glóir an nidh atá buan. 12 Ó thárla a leithéid seo de mhuinighin bheith againn, labhraimíd as cainnt an‐dána, 13 agus ní fhuilmíd mar bhí Maois, do chuir folach ar a ghnúis, chum nach ndearcfadh clanna Israel go grinn ar dheireadh a raibh ag dul i n‐éag: 14 acht do bhí a n‐aigne dallta, óir go dtí an lá so féin, le linn léighte an tseantiomna, fanann an folach céadna gan tógáil: folach atá curtha ar neamh‐nidh i gCríost. 15 Acht go dtí an lá so, nuair léightear Maois, luigheann folach ar a gcroidhe. 16 Acht nuair chasfaidh siad chum an Tighearna, tógfar an folach díobh. 17 Anois is é an Tighearna an Spiorad; agus an áit ’n‐a bhfuil Spiorad an Tighearna, is ann atá saoirse. 18 Acht sinne uile, ag dearcadh, mar bhéadh i scathán, ar ghlóir an Tighearna, gan folach bheith ar ár ngnúis, atáimíd d’ár n‐aistriú san íomháigh chéadna ó ghlóir go glóir, mar bhéadh ó’n Tighearna an Spiorad. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society