Matha 13:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) An lá céadna sin do chuaidh Íosa amach as an tigh, agus bhí sé ’n‐a shuidhe ar bhruach na fairrge. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) An lá céanna dʼimigh Íosa amach as an teach gur shuigh ar chladach na farraige. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Chuaidh Íosa amách as an tigh an lá sin, agus shuidh sé cois na mara. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar nimtheachd Díosa a mach as an detach an lásin, do shuigh sé láimh ris an bhfairge. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Sa lá san chuaidh Íosa amach as an dtigh, agus bhí sé n-a shuidhe ar bruach na faraige. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tháinig Íosa amach as an teach an lá sin agus chuaigh ina shuí cois na farraige, An Bíobla Naofa 1981 Tháinig Íosa amach as an teach an lá sin agus chuaigh ina shuí cois na farraige, |
Annsin d’fhág sé na sluaighte, agus do chuaidh sé isteach sa tigh: agus tháinig a dheisceabail chuige, g‐á rádh, Mínigh dhúinn samhlaoid an chogail sa ngort.
Agus nuair tháinig sé isteach sa tigh, tháinig na daill chuige: agus adubhairt Íosa leo, An gcreideann sibh go bhfuil ar chumas dom an nidh seo do dhéanamh? Adubhradar‐san leis, creidimíd, a Thighearna.
Agus d’imthigh sé amach arís chum na fairrge; agus tháinig an sluagh uile chuige, agus do theagaisc sé iad.