Annsin adeir sí, Fillfead ar ais chum mo thighe féin as a dtáinig mé; agus ar dteacht dí, do‐gheibh sí folamh, scuabtha, deisighthe é.
Matha 12:43 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht an spioraid neamh‐ghlan, nuair théigheas sí as an duine amach, siubhlann sé ar fán tríd na h‐áiteannaibh tiorma, ar lorg suaimhnis, agus ní fhaghann sí é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Nuair a bhíonn an sprid neamhghlan imithe as duine, siúlann sí na háiteanna gan uisce ag iarraidh suaimhnis, ach ní bhíonn an suaimhneas le fáil aici. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara I ndiaidh dul amach as duine do’n Spiorad neamhghlan, siubhlann sé fríd áiteacha tirime ar lorg suaimhnis, agus ní fhaghann sé é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Tar eís dul don spioraid neamhghlain as an duine amach, síobhluidh se thrí ionadaibh tíorma, ag iárraidh suáimhnis, agus ní fhaghann é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a théigheann an spioraid neamhghlan amach as an nduine, siúbhlann sé tré áiteana feóchta ag lorg suaimhnis, agus ní fhaghann sé é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Nuair a bhíonn an spiorad míghlan imithe amach as an duine, gabhann sé trí áiteanna tíortha ag lorg faoisimh, agus ní fhaigheann. An Bíobla Naofa 1981 “Nuair a bhíonn an spiorad míghlan imithe amach as an duine, gabhann sé trí áiteanna tíortha ag lorg faoisimh, agus ní fhaigheann. |
Annsin adeir sí, Fillfead ar ais chum mo thighe féin as a dtáinig mé; agus ar dteacht dí, do‐gheibh sí folamh, scuabtha, deisighthe é.
Agus, féach, do ghlaodhadar amach agus adubhradar, Cad é an bhaint atá againn leat‐sa, a Mhic Dé? an chum sinn do chiapadh roimh an aimsir tháinig tú?
Agus do chreid Síomón féin: agus iar n‐a bhaisteadh, d’fhan sé i bhfochair Philib; agus nuair do chonnaic sé cómharthaí agus míorbhailtí móra d’a ndéanamh, bhí iongnadh mór air.
Bidhidh stuamdha, bidhidh ar bhur n‐aire; bíonn bhur n‐áidhbheirseoir, an diabhal, ag siubhal thart timcheall mar leomhan búirfeadhach ar thóir an té fhéadas sé a shlugadh.