Ná bíodh eagla oraibh, d’á bhrigh sin; is mó le rádh sibh‐se go mór ’ná mórán gealbhan.
Matha 12:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Nach mó le rádh go mór duine ’ná caora! D’á bhrigh sin is dleaghthach maith do dhéanamh, lá na sabóide. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nach fiú i bhfad níos mó duine ná caora! Dá bhrí sin de, is ceadmhach an mhaith a dhéanamh ar an tsabóid.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Nach feárr i bhfad duine ná caora? Ar an adhbhar sin is ceadmhach maith a dhéanamh ar an tsabóid. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A né nach mór is fear duine na cáora? Ar a nadhbharsin is ceaduightheach maith do dhéanamh air an tsáoire. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Nach mó le rádh go mór duine ’ná caora? D’á bhrígh sin is dleaghthach tairbhe déanamh sa tsabbóid. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus is mó is fiú duine ná caora. Dá réir sin, tá sé dleathach an mhaith a dhéanamh lá sabóide.” An Bíobla Naofa 1981 Agus is mó is fiú duine ná caora. Dá réir sin, tá sé dleathach an mhaith a dhéanamh lá sabóide.” |
Ná bíodh eagla oraibh, d’á bhrigh sin; is mó le rádh sibh‐se go mór ’ná mórán gealbhan.
Breathnuighidh éanlaithe na spéire: ní chuireann siad síol, agus ní bhaineann siad fóghmhar, agus ní chruinnigheann siad éinnidh i sciobólaibh; agus cothuigheann bhúr n‐Athair neamhdha iad. Nach mó is fiú sibh‐se go mór ’ná iad‐san?
Agus adubhairt sé leo, Cia aca is dleaghthach, an mhaith do dhéanamh, nó an t‐olc do dhéanamh, lá na sabóide? anam duine do shlánú nó do mhilleadh? Acht d’fhanadar‐san ’n‐a dtost.
Breathnuighidh na fiacha dubha; ní chuireann siad síol, agus ní bhaineann siad fóghmhar; agus ní fhuil taisce ná scioból aca; agus beathuigheann Dia iad: nach mó go mór is fiú sibh‐se ’ná na h‐éanlaithe!
Agus tharla, nuair do chuaidh sé isteach i dtigh duine d’uachtaránaibh na bhFairisíneach chum biadh do chaitheamh, lá na sabóide, go rabhadar ag faire air.
Agus d’éirigh sé agus do sheas. Agus adubhairt Íosa leo, Fiafruighim díbh, Ciaca is cóir maith do dhéanamh, nó olc do dhéanamh, ar an tsabóid, anam duine do shlánú, nó do mhilleadh?