Acht na h‐Iúdaigh do bhí díchreideamhnach, do ghríosadar na Cineadhaigh, agus do mhúscladar mioscais ’n‐a h‐inntinn do na bráithreachaibh.
Matha 10:34 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ná measaidh gur chum síothcháin do chur ar an dtalamh thánag‐sa: ní chum síothcháin do chur thánag, acht chum claidheamh do chur ann. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Ná síligí gur tháinig mise le síocháin a tabhairt ar an talamh; níor tháinig mé ag tabhairt na síochána liom, ach ag tabhairt claímh liom. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ná measaigidh go dtáinic mise a chur síothchána ar an talamh: ní tháinic mé a chur síothchána, acht claidheamh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ná measaigh go dtáinic misi do chur shíothchana ar an dtalamh: ní do chur shíothcána tháinic mé, achd do chur cloidhimh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ná measaidh gur chun na síothchána chur ar an dtalamh a thánag; ní chun na síothchána chur ann a thánag, ach chun an chlaidhimh a chur ann. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Ná bígí ag ceapadh gur chun síocháin a chur ar an talamh a tháinig mé. Ní síocháin a tháinig mé a chur ann ach claíomh. An Bíobla Naofa 1981 “Ná bígí ag ceapadh gur chun síocháin a chur ar an talamh a tháinig mé. Ní síocháin a tháinig mé a chur ann ach claíomh. |
Acht na h‐Iúdaigh do bhí díchreideamhnach, do ghríosadar na Cineadhaigh, agus do mhúscladar mioscais ’n‐a h‐inntinn do na bráithreachaibh.
Acht d’éirigh deighilt idir mhuinntir na cathrach; cuid aca ag cur leis na h‐Iúdachaibh, agus cuid aca ag cur leis na h‐abstalaibh.
Agus do chuaidh capall eile amach, capall ruadh, agus tugadh de chumhacht do’n té do bhí ar muin air síothcháin do bhaint de’n talamh, chum go marbhóchadh na daoine a chéile: agus tugadh claidheamh mór dó.