Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Apacailipsis (Taispeántadh) 6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus nuair bhris an tUan ceann de na séalaibh, do dhearcas agus do chualas ceann de na h‐ainmhidhthibh g‐á rádh mar bhéadh le fuaim tóirnighe, Tar.

2 Agus do dhearcas, agus féach, capall bán, agus bogha ’n‐a láimh ag an té do bhí ar muin air; agus tugadh coróin dó: agus do chuaidh sé amach ag breith buadha agus an bhuaidh ’n‐a chómhair.

3 Agus nuair d’fhoscail sé an dara séala, do chualas an dara h‐ainmhidhe g‐á rádh, Tar.

4 Agus do chuaidh capall eile amach, capall ruadh, agus tugadh de chumhacht do’n té do bhí ar muin air síothcháin do bhaint de’n talamh, chum go marbhóchadh na daoine a chéile: agus tugadh claidheamh mór dó.

5 Agus nuair d’fhoscail sé an treas séala, do chualas an treas ainmhidhe g‐á rádh, Tar. Agus do dhearcas, agus féach, capall dubh; agus meadh i láimh an té do bhí ar muin air.

6 Agus do chualas mar bhéadh guth i lár na gceithre n‐ainmhidhe g‐á rádh, Miosúr cruithneachtan ar phinginn, agus trí mhiosúr eornan ar phinginn: acht ná déan dochar do’n ola ná do’n fhíon.

7 Agus nuair d’fhoscail sé an ceathramhadh séala, do chualas guth an cheathramhadh ainmhidhe, g‐á rádh, Tar.

8 Agus do dhearcas, agus féach, capall liathbhán: agus an té do bhí ar muin air, is é an Bás dob’ ainm dó; agus do lean Hádes ’n‐a chuideachtain. Agus tugadh cumhacht dóibh ar an gceathramhadh cuid de’n talamh, chum bheith ag marbhadh leis an gclaidheamh, agus leis an ngorta, agus leis an bpláigh, agus le h‐ainmhidhthibh allta na talmhan.

9 Agus nuair d’fhoscail sé an cúigeadh séala, do chonnacas fá’n altóir anmanna na ndaoine do marbhadh ar son briathair Dé, agus ar son na fiadhnaise thugadar:

10 agus do ghlaodhadar de ghuth árd g‐á rádh, Cá fhaide dhuit, a Mháighistir naomhtha, fhírinnigh, gan breitheamhnas agus díoghaltas do dhéanamh ar lucht áitreabha na talmhan?

11 Agus tugadh róba geal do gach duine aca; agus adubhradh leo fanamhain go suaimhneach tamall beag eile, nó go gcóimhlíontaidhe méid a gcóimh‐sheirbhíseach agus a mbráthar do bhí le marbhadh mar iad féin.

12 Agus nuair d’fhoscail sé an séamhadh séala, do dhearcas, agus do bhí crioth mór talmhan ann; agus d’éirigh an ghrian chómh dubh le h‐éadach róin, agus d’éirigh an ghealach lán cosmhail le fuil;

13 agus do thuit réaltana na spéire anuas ar an talamh, mar chaitheann crann fige a chuid figí neamh‐aibidh nuair luascthar é le gaoith thréin.

14 Agus d’imthigh spéir neimhe mar leabhar do fillfidhe ar a chéile; agus do h‐aistrigheadh gach cnoc agus gach oileán as a n‐ionadaibh féin.

15 Agus do chuaidh righthe an domhain, agus na daoine móra, agus na taoisigh airm, agus na h‐acfuinnigh, agus na daoine tréana, agus gach sclábhaidhe, agus gach saor‐dhuine i bhfolach i gcuasaibh agus i gcairrgibh na sléibhte;

16 agus adubhradar leis na sléibhtibh, Tuitidh anuas orainn, agus foilighidh ar ghnúis an té atá ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir sinn, agus ar dhíbheirg an Uain:

17 óir atá lá mór a dhíbheirge tagtha; agus cia fhéadas seasamh.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí