Agus do leath a chlú ar fud tíre na Sithre ar fad, agus tugadh chuige iad‐san go léir ar a raibh easláinte, iad do bhí cráidhte le galaraibh ilghnéitheacha agus le piantaibh, agus go raibh deamhain ionnta, daoine go raibh an galar tuitimeach agus pairilis ortha; agus do leigheas sé iad.
Agus muinntear críche na nGerasénach thart timcheall, d’iarr siad air imtheacht uatha; óir ba mhór an eagla do bhí ortha: agus do chuaidh sé isteach i mbád, agus d’fhill sé ar ais.