Agus do chuaidh sé amach ar an tríomhadh h‐uair, agus do chonnaic sé dream eile ’n‐a seasamh díomhaoin ar áit an mhargaidh;
Lúcás 7:32 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Is cosmhail iad le leanbhaibh ’n‐a suidhe ar áit an mhargaidh, agus iad ag glaodhach ar a chéile g‐á rádh, Do‐rinneamar ceol ar an bfeadán daoibh, agus ní dhearnabhar damhsa; do‐rinneamar caoineadh, agus ní dhearnabhar gol. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Is cosúil iad le páistí óga ina suí i sráid an mhargaidh agus iad ag glaoch ar a chéile. ‘Rinneamar portaíocht daoibh agus ní dheachaigh sibh a dhamhsa, chuamar a chaoineadh daoibh agus ní dhearna sibh mairgneach.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Is cosamhail iad le páistí ina suidhe ar áit an mhargaidh, agus iad ag labhairt le chéile, agus ag rádh: Rinneamar píobaireacht díbh, agus ní dhearna sibh rinnce; rinneamar mairgneach díbh, agus níor chaoin sibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) As cosmhul íad re leanbuibh na suidhe ar áit an mharguidh, agus éighmheas ar á chéile, agus a deir: Dó rinneamair píobaireachd dhaóibh, agus ní dhearnabhair damhsa; do rinneamair caoí dhaóibh, agus ní dhearnabhair gul. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Is cosmhail iad le leanbhaí ’n-a suidhe ar áit an mhargaidh agus ag caint le n-a chéile, nuair a deirid siad: Dheineamair ceól daoibh ar phíbibh, agus níor dheineabhair rinnce; dheineamair caoine, agus níor ghoileabhair. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tá siad cosúil leis na leanaí seo a bhíonn ina suí in áit an mhargaidh ag glaoch chun a chéile agus a deir: ‘Rinneamar píobaireacht daoibh, ach ní dhearna sibh rince; rinneamar caoineadh, ach ní dhearna sibh gol.’ An Bíobla Naofa 1981 Tá siad cosúil leis na leanaí seo a bhíonn ina suí in áit an mhargaidh ag glaoch chun a chéile agus a deir: ‘Rinneamar píobaireacht daoibh, ach ní dhearna sibh rince; rinneamar caoineadh, ach ní dhearna sibh gol.’ |
Agus do chuaidh sé amach ar an tríomhadh h‐uair, agus do chonnaic sé dream eile ’n‐a seasamh díomhaoin ar áit an mhargaidh;
Cia leis, d’á bhrigh sin, go samhlóchad muinntear an chinidh seo, agus cia leis gur cosmhail iad?
Óir tháinig Eoin Baiste gan bheith ag ithe aráin ná ag ól fíona; agus adeir sibh, Atá deamhan ann.