Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 5:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus d’éirigh sé ar an láthair ’n‐a bhfiadhnaise, agus do thóg sé an tocht ar a raibh sé ’n‐a luighe, agus d’imthigh sé chum a thighe, agus é ag adhmholadh Dé.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus ar an nóiméad dʼéirigh sé ar a chosa os comhair an iomláin acu, agus thóg sé a raibh sé ina luí air, agus shiúil leis abhaile, agus é ag glóiriú Dé.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus d’éirigh sé láithreach ós a gcómhair, thóg an leabaidh ina raibh sé ina luighe, agus d’imthigh sé chun a thighe ag tabhairt ghlóire do Dhia.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus ar néirghe dhósan ar an mball an a bhfiadhnuisi, do thóg an leabuidh an raibh sé na luighe, agus do chuaidh sé dhá thigh fein, ag moládh Dé.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus d’eirigh an duine láithreach bonn, agus thóg sé an tocht ar a raibh sé ’n-a luighe, agus d’imthigh sé chun a thighe féin agus é ag moladh Dé.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus ar an mball, mʼéirigh seisean ina láthair, thóg suas an rud a bhí faoi, agus chuaigh abhaile ag tabhairt glóire do Dhia.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Agus ar an mball, d'éirigh seisean ina láthair, thóg suas an rud a bhí faoi, agus chuaigh abhaile ag tabhairt glóire do Dhia.

Féach an chaibidil



Lúcás 5:25
12 Tagairtí Cros  

Agus nuair do chonnaic na sluaighte sin, tháinig eagla ortha, agus thugadar glóir do Dhia, thug a leithéid sin de chumhacht do dhaoinibh.


Agus d’éirigh seisean ar an láthair, agus do thóg sé a leaba, agus d’imthigh sé amach i bhfiadhnaise a raibh ann; i dtreo go raibh uathbhás ortha uile, go dtugadar glóir do Dhia, agus iad ’g‐a rádh, Ní fhacamar a leithéid seo riamh.


Agus do chuir sé a lámha uirthi: agus ar an láthair d’éirigh sí díreach, agus thug sí glóir do Dhia.


Agus ar an láthair fuair sé a radharc, agus do lean sé é, agus é ag tabhairt glóire do Dhia: agus na daoine go léir, nuair do chonnacadar é, thugadar moladh do Dhia.


Agus do shín sé amach a lámh, agus do chuir sé air í, agus adubhairt, Is toil liom é; glantar thú.


Atá sé d’aois, cuiridh an cheist air féin. Annsin do ghlaodhadar athuair ar an duine do bhí ’n‐a dhall, agus adubhradar leis, Tabhair glóir do Dhia: is eol dúinn gur peacach an fear úd.