Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 5:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Agus tháinig uathbhás ar chách, agus do bhíodar ag moladh Dé; agus do bhíodar lán d’eagla, g‐á rádh, Do chonnacamar neithe iongantacha indiu.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

26 Agus thit iontas orthu uile, agus thug siad glóir do Dhia agus bhí uafás mór orthu, agus dúirt siad, “Is sinne a chonaic na hiontais inniu.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

26 Agus ghabh uathbhás iad uilig, agus thúg siad glóir do Dhia. Agus líonadh le h-eagla iad uilig, agus dubhairt siad: Chonnacamar iongantaisí indiu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 Agus do ghabh úathbhás cách uile, agus do mholadar Día, agus do líonadh deagla íad, ag rádh, Do choncamair neithe doichreidte a niugh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Agus tháinig uathbhás ar na daoine go léir, agus bhíodar ag tabhairt glóire do Dhia; agus bhíodar lán d’eagla agus deiridís: Chonacamair neithe iongantacha indiu.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

26 Agus ghabh uafás iad uile, agus bhí siad ag tabhairt glóire do Dhia, agus líon siad dʼuamhan agus deiridís: “Tá nithe iontacha feicthe againn inniu.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

26 Agus ghabh uafás iad uile, agus bhí siad ag tabhairt glóire do Dhia, agus líon siad d'uamhan agus deiridís: “Tá nithe iontacha feicthe againn inniu.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 5:26
13 Tagairtí Cros  

Agus do bhí iongnadh mór ar na sluaightibh, agus adubhradar, An é seo mac Dháibhi?


Agus d’imthigheadar‐san go luath ó’n tuama agus eagla agus an‐áthas ortha, agus do ritheadar chum an scéal d’innsin d’á dheisceablaibh.


Agus nuair do chonnaic na sluaighte sin, tháinig eagla ortha, agus thugadar glóir do Dhia, thug a leithéid sin de chumhacht do dhaoinibh.


Agus d’éirigh seisean ar an láthair, agus do thóg sé a leaba, agus d’imthigh sé amach i bhfiadhnaise a raibh ann; i dtreo go raibh uathbhás ortha uile, go dtugadar glóir do Dhia, agus iad ’g‐a rádh, Ní fhacamar a leithéid seo riamh.


Agus do ghabh eagla iad‐san do bhí ’n‐a gcómhnaidhe ’n‐a dtimcheall: agus do leath tuairisc na neithe sin go léir ar fud na sléibhte i nIúdaea ar fad.


Acht nuair do chonnaic Síomón Peadar sin, do thuit sé ag glúnaibh Íosa, agus adubhairt sé, Imthigh uaim, a Thighearna, mar is duine peacamhail mé.


Agus thug sé d’á mháthair é. Agus tháinig crith‐eagla ar gach uile dhuine: agus thugadar glóir do Dhia, g‐á rádh, Atá fáidh mór éirighthe ’n‐ár measc: agus, Tháinig Dia ar cuairt chum a mhuinntire.


Agus muinntear críche na nGerasénach thart timcheall, d’iarr siad air imtheacht uatha; óir ba mhór an eagla do bhí ortha: agus do chuaidh sé isteach i mbád, agus d’fhill sé ar ais.


Agus tar a éis dóibh‐sean bagairt ortha arís, do scaoileadar iad, mar ní raibh a fhios aca cionnas chuirfidís pionós ortha, mar gheall ar na daoinibh; óir bhí na daoine go léir ag tabhairt na glóire do Dhia ar son a dtárla.


agus thugadar glóir do Dhia im’ thaobh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí