Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 5:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Agus d’éirigh sé ar an láthair ’n‐a bhfiadhnaise, agus do thóg sé an tocht ar a raibh sé ’n‐a luighe, agus d’imthigh sé chum a thighe, agus é ag adhmholadh Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

25 Agus ar an nóiméad dʼéirigh sé ar a chosa os comhair an iomláin acu, agus thóg sé a raibh sé ina luí air, agus shiúil leis abhaile, agus é ag glóiriú Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

25 Agus d’éirigh sé láithreach ós a gcómhair, thóg an leabaidh ina raibh sé ina luighe, agus d’imthigh sé chun a thighe ag tabhairt ghlóire do Dhia.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Agus ar néirghe dhósan ar an mball an a bhfiadhnuisi, do thóg an leabuidh an raibh sé na luighe, agus do chuaidh sé dhá thigh fein, ag moládh Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

25 Agus d’eirigh an duine láithreach bonn, agus thóg sé an tocht ar a raibh sé ’n-a luighe, agus d’imthigh sé chun a thighe féin agus é ag moladh Dé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

25 Agus ar an mball, mʼéirigh seisean ina láthair, thóg suas an rud a bhí faoi, agus chuaigh abhaile ag tabhairt glóire do Dhia.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

25 Agus ar an mball, d'éirigh seisean ina láthair, thóg suas an rud a bhí faoi, agus chuaigh abhaile ag tabhairt glóire do Dhia.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 5:25
12 Tagairtí Cros  

Agus nuair do chonnaic na sluaighte sin, tháinig eagla ortha, agus thugadar glóir do Dhia, thug a leithéid sin de chumhacht do dhaoinibh.


Agus d’éirigh seisean ar an láthair, agus do thóg sé a leaba, agus d’imthigh sé amach i bhfiadhnaise a raibh ann; i dtreo go raibh uathbhás ortha uile, go dtugadar glóir do Dhia, agus iad ’g‐a rádh, Ní fhacamar a leithéid seo riamh.


Agus do chuir sé a lámha uirthi: agus ar an láthair d’éirigh sí díreach, agus thug sí glóir do Dhia.


Agus ar an láthair fuair sé a radharc, agus do lean sé é, agus é ag tabhairt glóire do Dhia: agus na daoine go léir, nuair do chonnacadar é, thugadar moladh do Dhia.


Agus do shín sé amach a lámh, agus do chuir sé air í, agus adubhairt, Is toil liom é; glantar thú.


Atá sé d’aois, cuiridh an cheist air féin. Annsin do ghlaodhadar athuair ar an duine do bhí ’n‐a dhall, agus adubhradar leis, Tabhair glóir do Dhia: is eol dúinn gur peacach an fear úd.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí