Agus tharla ins na laethibh sin go ndeachaidh reacht amach ó Chéasar August go ndéanfaidhe cómhaireamh ar an domhan uile.
Lúcás 2:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) chum go n‐áirmhfidhe é mar aon le Muire, a bhainchéile do bhí ag iomchar clainne. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) chun go gclárófaí é féin agus Muire an bhean a raibh lámh agus focal idir é agus í, agus í ag iompar clainne. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Chun go ndéantaí a áireamh i n-aoinfheacht le Muire, a bhainchéile, a bhí ag iomchar cloinne. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ionnus go measfuigh é maille ré Muire do bhi ar na ceangal ris mar mhnáoi, ar mbeith dhi torrach. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Chun go ndéanfaí é dh’áireamh i n-aonfheacht le Muire, a bhan-chéile a bhí ag iompar clainne. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 chun a chláraithe mar aon le Muire, a bhean chéile, a bhí ag iompar clainne. An Bíobla Naofa 1981 chun a chláraithe mar aon le Muire, a bhean chéile, a bhí ag iompar clainne. |
Agus tharla ins na laethibh sin go ndeachaidh reacht amach ó Chéasar August go ndéanfaidhe cómhaireamh ar an domhan uile.
Agus do chuadar uile chum go n‐áirmhfidhe iad, gach aoinneach ’n‐a chathair féin.
Agus do chuaidh Seosamh, leis, ó’n nGalilé, ó chathair Nasaire, suas go h‐Iúdaea, go chathair Dháibhi, ar a dtugtar Beithil, de bhrigh gur de theaghlach agus de shliocht Dháibhi é;