Do rinne sí an nidh do b’fhéidir léi: d’ong sí mo chorp roimh ré fá chómhair a adhlachta.
Lúcás 10:34 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus nuair do chonnaic sé é, do ghabh truagh mhór dó é, agus do chuaidh sé chuige, agus do cheangail sé a chneadhacha, ag dortadh ola agus fíona ortha; agus do chuir sé ar muin a bheithidhigh féin é, agus thug sé leis é go tigh ósta, agus thug sé aire dhó. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) chuaigh sé chuige agus cheangail sé a chneácha, ag doirteadh ola agus fíona iontu; ansin thóg sé é ar dhroim a bheithígh féin agus thug go teach ósta é, agus thug aire dó. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Tháinic sé chuige agus cheangail sé suas a chréachta, ag dortadh ola agus fíona ionnta: agus ghá chur ar a bheithidheach féin dó, sheól sé go teach ósta é, agus thug aire dó. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar ndrud ris, do cheangail sé a chneadha, ag dortadh ola agus fióna ionnta, agus ar na chuir air a ainmhidhe féin dó, rug sé leis go tigh ósda é, agus do ghabh sé cúram na thimcheall. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus chuaidh sé anonn chuige agus do cheangail sé suas a chneadhacha tar éis oíle agus fíona do chur ionta, agus chuir sé ar muin a bheithígh féin é, agus thug sé leis é go dtí an tigh ósda, agus thug sé aire dhó. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus chuaigh sé anonn chuige agus chuir ceangal ar a chréachtaí, tar éis dó ola agus fíon a dhoirteadh iontu; chuir sé ar mhuin a bheithígh féin é, sheol go teach ósta é, agus rinne cúram de. An Bíobla Naofa 1981 agus chuaigh sé anonn chuige agus chuir ceangal ar a chréachta, tar éis dó ola agus fíon a dhoirteadh iontu; chuir sé ar mhuin a bheithígh féin é, sheol go teach ósta é, agus rinne cúram de. |
Do rinne sí an nidh do b’fhéidir léi: d’ong sí mo chorp roimh ré fá chómhair a adhlachta.
Acht Samáritánach áirithe, do bhí ag gabháil na slighe, tháinig sé chum na h‐áite ’n‐a raibh sé:
Lá ar n‐a bhárach do thóg sé amach dhá phinginn agus thug sé do’n óstóir iad, agus adubhairt sé, Tabhair aire dhó; agus cibé méid chaithfeas tú sa mbreis, cúiteochadsa leat é, nuair thiocfas mé arís.
Agus rug sí mac, a céad‐ghein; agus d’fhill sí i n‐éadaighibh é, agus do chuir sí ’n‐a luighe i mainséar é, toisc nach raibh slighe dhóibh sa tigh ósta.
Acht má bhíonn ocras ar do námhaid, tabhair nidh le n’ithe dhó; má bhíonn tart air, tabhair deoch le n’ól dó: g‐á dhéanamh sin duit, béidh tú ag carnadh gríosaighe ar a cheann.
Féachaidh chuige nach dtiubhraidh aoinneach an t‐olc i n‐éiric an uilc d’aon duine; acht leanaidh i gcómhnaidhe do’n mhaith eadraibh féin agus i dtaobh an uile dhuine.