Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 10:34 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

34 Agus chuaidh sé anonn chuige agus do cheangail sé suas a chneadhacha tar éis oíle agus fíona do chur ionta, agus chuir sé ar muin a bheithígh féin é, agus thug sé leis é go dtí an tigh ósda, agus thug sé aire dhó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

34 chuaigh sé chuige agus cheangail sé a chneácha, ag doirteadh ola agus fíona iontu; ansin thóg sé é ar dhroim a bheithígh féin agus thug go teach ósta é, agus thug aire dó.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

34 Tháinic sé chuige agus cheangail sé suas a chréachta, ag dortadh ola agus fíona ionnta: agus ghá chur ar a bheithidheach féin dó, sheól sé go teach ósta é, agus thug aire dó.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

34 agus nuair do chonnaic sé é, do ghabh truagh mhór dó é, agus do chuaidh sé chuige, agus do cheangail sé a chneadhacha, ag dortadh ola agus fíona ortha; agus do chuir sé ar muin a bheithidhigh féin é, agus thug sé leis é go tigh ósta, agus thug sé aire dhó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 Agus ar ndrud ris, do cheangail sé a chneadha, ag dortadh ola agus fióna ionnta, agus ar na chuir air a ainmhidhe féin dó, rug sé leis go tigh ósda é, agus do ghabh sé cúram na thimcheall.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

34 agus chuaigh sé anonn chuige agus chuir ceangal ar a chréachtaí, tar éis dó ola agus fíon a dhoirteadh iontu; chuir sé ar mhuin a bheithígh féin é, sheol go teach ósta é, agus rinne cúram de.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

34 agus chuaigh sé anonn chuige agus chuir ceangal ar a chréachta, tar éis dó ola agus fíon a dhoirteadh iontu; chuir sé ar mhuin a bheithígh féin é, sheol go teach ósta é, agus rinne cúram de.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 10:34
14 Tagairtí Cros  

An nídh a bhí aici seo le déanamh tá sé déanta aici; tá ola curtha roim ré aici ar mo chorp-sa i gcóir adhlachta.


Ach bhí Samaritánach ag gabháil an bóthar agus tháinig sé i n-aice an duine, agus chonaic sé é, agus tháinig truagh aige dhó;


Agus amáireach a bhí chúghainn thóg sé amach dhá phinginn agus thug sé do ’n fhear ósda iad, agus dubhairt sé: Tabhair aire dhó san, agus pé méid a bheidh tú caillte leis, nuair a thiocfad-sa airís tabharfad duit é.


Agus do rug sí a mac, a céadghein, agus d’fhill sí i n-éadaighibh é, agus chuir sí ’n-a luighe i mainséar é, mar ní raibh aontslígh dhóibh sa tigh ósda.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí