Beannuighidh d’Andronícus agus do Iúnia, gaolta liom, agus cómh‐bhraighdeáin liom, daoine go bhfuil árd‐chlú ortha i measc na n‐abstal, agus do bhí i gCríost rómham‐sa.
Filéamón 1:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Beannuigheann Epafras, cómh‐phríosúnach liom i nÍosa Críost, duit; mar aon le An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Tá Epafras ag beannú duit, atá i gcomhbhraighdeanas liom i níosa Críost, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Cuiridh Epaphras (mo chómhphriosúnach a Niósa Críosd,) An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Cuireann Eipeafas, mo chomhghéibheannach i gCríost Íosa, a bheannacht chugaibh, agus mo chomhoibrithe An Bíobla Naofa 1981 Cuireann Eipeafras, mo chomhghéibheannach i gCríost Íosa, a bheannacht chugaibh, agus mo chomhoibrithe |
Beannuighidh d’Andronícus agus do Iúnia, gaolta liom, agus cómh‐bhraighdeáin liom, daoine go bhfuil árd‐chlú ortha i measc na n‐abstal, agus do bhí i gCríost rómham‐sa.
mar d’fhoghlaim sibh ó Epafras, ár gcóimh‐sheirbhíseach ionmhain, atá ’n‐a mhinistir dílis do Chríost ar ár son,
Beannuigheann Aristárchus, cómh‐phríosúnach liom, beannuigheann seisean daoibh, mar aon le Marcus, col ceathair Bharnabais (go bhfuair sibh órduighthe ’n‐a thaobh;
Epafras, duine dhíbh féin, seirbhíseach Íosa Críost, beannuigheann seisean daoibh, agus é ag spairn gan stad ’n‐a urnaighthibh ar bhur son, g‐á ghuidhe go seasfaidh sibh go diongbhálta, lán‐dearbhtha de thoil Dé.
Pól, príosúnach ar son Íosa Críost, agus Timóteus ár mbráthair, chum Filéamóin, cara ionmhain agus cómh‐oibridhe linn,
is é is fearr liom impidhe do dhéanamh ort, ar son an ghrádha, agus gur mise Pól atá im’ shean‐fhear, agus im’ phríosúnach anois ar son Íosa Críost: