Agus dubhairt Íosa leó: An féidir do chlainn an Chéile bheith duairc an fhaid atá an Céile ’n-a bhfochair? Ach tiocfaidh an t-am i n-a dtógfar uatha an Céile, agus ansan déanfaid siad trosgadh.
Matha 9:16 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ní chuireann aoinne preabán d’éadach nua ar sheana-bhalcais éadaigh; óir baineann sé a lán féin as an mbalcais éadaigh, agus bíonn an stracadh níosa mheasa. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar ní chuireann duine ar bith píosa neamh-chraptha ar sheanéadach, nó imíonn an paiste den éadach, agus is measa an stróiceadh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ní chuireann aoinneach paiste de éadach úr ar shean-cheirteach: óir baineann sé a lán féin de’n cheirteach, agus bíonn an strócadh níos measa. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ní chuireann aon duine preabán d’éadach nua ar shean‐bhrat; óir baineann sé a lán féin as an éadach, agus is measa‐de an sracadh é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ní chuireann duine ar bith preaban déudach gan chórughadh air sheinéadach, óir beanuidh sé a lán féin as a néadach, agus do neíthear an briseadh ní is measa. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ní chuirfeadh aon duine preabán mʼéadach gan ramhrú ar sheanbhrat, mar thógfadh an paiste a chuirfí air cuid den bhrat leis agus ba mhiste an stróiceadh é. An Bíobla Naofa 1981 Ní chuirfeadh aon duine preabán d'éadach gan ramhrú ar sheanbhrat, mar thógfadh an paiste a chuirfí air cuid den bhrat leis agus ba mhiste an stróiceadh é. |
Agus dubhairt Íosa leó: An féidir do chlainn an Chéile bheith duairc an fhaid atá an Céile ’n-a bhfochair? Ach tiocfaidh an t-am i n-a dtógfar uatha an Céile, agus ansan déanfaid siad trosgadh.
Ná ní curtar fíon nua i sean’-árthaíbh leathair; nó má deintear bristear na h-árthaí agus doirtear an fíon, agus imthighid na h-árthaí gan tairbhe. Ach curtar an fíon nua i n-árthaíbh nua agus coimeádtar iad araon.
Ní chuireann aoinne píosa d’éadach nua ag deisiú seana-éadaigh; nó má chuireann, béarfaidh an píosa nua leis tuille de’n treana-éadach, agus méadófar an stracadh.
Agus dubhairt sé leó i soluíd: Ní chuireann aoinne preabán, gearrtha de bhall éadaigh a bheadh nua, mar dheisiú ar sheana-bhall éadaigh, mar do loitfeadh sé an t-éadach nua, agus an preabán a baineadh de’n éadach nua ní oirfeadh sé do’n tsean-éadach.
Tá mórán eile neithe agam le rádh libh, ach ní féidir daoibh iad a bhreith libh anois.