Nuair a chonaic na Fairisínigh an nídh sin dubhradar le na dheisgiobuil: Cad chuige go n-itheann bhúr máighistir bia i bhfochair na bpuibliocánach agus na bpeacach?
Matha 9:10 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do thárla, agus é ag suidhe chun bídh sa tigh, go dtáinig a lán puibliocánach agus a lán peacach agus gur shuidheadar i bhfochair Íosa agus a dheisgiobul. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a shuigh sé ag bord sa teach, tháinig mórán bailitheoirí cánacha agus peacaigh gur shuigh fúthu i gcuideachta Íosa agus a dheisceabal. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thárla, ag caitheamh bídh dó san tigh, go dtáinic mórán puibliocánach agus peacach gur shuidh siad i gcuideachta Íosa agus a dheisciobal. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus tharla, agus é ag suidhe chum bidh sa tigh, go dtáinig a lán poibleacán agus peacach, agus gur shuidheadar i bhfochair Íosa agus a dheisceabal. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tainic chum críche, ar suidhe Diosa chum bídh san tigh, féuch, tangadar iomad puibliocánach agus do shuigheadar re Hiosa agus ré na dheisgiobluibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ina shuí chun boird dó sa teach, tháinig mórán de na poibleacánaigh agus de na peacaigh agus shuigh siad isteach le hÍosa agus lena dheisceabail. An Bíobla Naofa 1981 Ina shuí chun boird dó sa teach, tháinig mórán de na poibleacánaigh agus de na peacaigh agus shuigh siad isteach le hÍosa agus lena dheisceabail. |
Nuair a chonaic na Fairisínigh an nídh sin dubhradar le na dheisgiobuil: Cad chuige go n-itheann bhúr máighistir bia i bhfochair na bpuibliocánach agus na bpeacach?
Agus nuair a dh’imthigh Íosa ó’n áit sin chonaic sé duine dár bh’ainim Maitiú ’n-a shuidhe i n-áit an chusduim, agus dubhairt sé leis: Lean mise. Agus d’eirigh sé agus do lean sé é.
Tá fhios againn, ámhthac, ná h-éisteann Dia le lucht peacaí dhéanamh; ach má thugann duine onóir do Dhia agus má dheineann sé toil Dé, éisteann Dia leis an nduine sin.