Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 9:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Nuair a chonaic na Fairisínigh an nídh sin dubhradar le na dheisgiobuil: Cad chuige go n-itheann bhúr máighistir bia i bhfochair na bpuibliocánach agus na bpeacach?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Agus nuair a chonaic na Fairiséigh sin, dʼfhiafraigh siad dá dheisceabail, “Cad chuige a mbíonn oide bhur muinte ag ithe le bailitheoirí cánacha agus peacaigh?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Agus ar a fheiceáil sin do na Fairisínigh, dubhairt siad le n-a dheisciobail: Cad chuige a n-itheann bhur máighistir i gcuideachta na bpuibliocánach agus na bpeacach?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus nuair do chonnaic na Fairisínigh sin adubhradar le n‐a dheisceablaibh, Cad chuige a n‐itheann bhúr Máighistir biadh i bhfochair na bpoibleacán agus na bpeacach?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Agus an tan do chunncadar na Phairisinigh sin, a dubhradar ré na dheisgiobluibhsean, Créud fa nitheann bhur Maighisdirsi a bhfochair na bpuibliocánach agus na bpeacach?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Nuair a chonaic na Fairisínigh é sin, dúirt siad lena dheisceabail: “Cén fáth a mbíonn bhur máistir ag ithe leis na poibleacánaigh agus na peacaigh?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 Nuair a chonaic na Fairisínigh é sin, dúirt siad lena dheisceabail: “Cén fáth a mbíonn bhur máistir ag ithe leis na poibleacánaigh agus na peacaigh?”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 9:11
14 Tagairtí Cros  

Tháinig Mac an Duine ag ithe agus ag ól, agus deirid siad: Féach, an duine craosach agus an fear fíona d’ól, cara na bpuibliocánach agus na bpeacach. Agus gheibheann an eagna a ceart ó n-a clainn féin.


Óir má thugann sibh grádh do’n mhuintir a thugann grádh dhaoibh cad é an tuarasdal a bheidh agaibh? Ná deinid na puibliocánaigh féin an méid sin?


Agus do thárla, agus é ag suidhe chun bídh sa tigh, go dtáinig a lán puibliocánach agus a lán peacach agus gur shuidheadar i bhfochair Íosa agus a dheisgiobul.


Agus nuair a chíodh na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh é ag caitheamh bídh i gcuibhreann puibliocánach agus peacach, deiridís le n-a dheisgiobuil: Cad chuige d’bhúr máighistir-se bheith ag ithe agus ag ól i gcuibhreann puibliocánach agus peacach?


Agus nuair a chonaic na daoine go léir an nídh sin bhíodar ag ceisneamh, agus deiridís gur ag triall ar dhuine pheacamhail a chuaidh sé ar aoidheacht.


Agus bhí na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí ag gluaireán, agus deiridís le n-a dheisgiobuil-sin: Cad chuige dhaoibh bheith ag ithe agus ag ól i gcuíbhreann puibliocánach agus peacach?


Agus deiridís: Cad chuige dhuit dul ameasg daoine gan tímpallghearradh ortha agus bia chaitheamh ’n-a bhfochair?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí