Óir má mhaitheann sibh do dhaoine a gcionta, maithfidh bhúr n-Athair neamhdha dhaoibh-se bhúr bpeacaí.
Matha 7:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Mar is do réir na breithe a thabharfaidh sibh a tabharfar breith oraibh; agus an tómhas le n-a dtómhaisfidh síbh, is leis a tómhasfar chúghaibh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar an breithiúnas a thugann sibh a gheobhaidh sibh, agus an miosúr a thomhasfas sibh a thomhasfar libh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir is do réir na breithe a thug sibh, a bhéarfar breith oraibh: agus is leis an mhiosúr le n-ar thómhais sibh, a thómhaisfear thar ais díbh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir, de réir na breithe do‐bheir sibh is eadh do‐bhéarfar breith oraibh: agus an tómhas le n‐a dtómhaiseann sibh, is leis tómhaisfear chugaibh? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír is do réir na breithe bheirthí, bheúrhar breath oruibh: Agus is leis an miosúr thomhaistí, toimheósfuidhthear dháoibh a rís. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 óir is de réir na breithe a thugann sibh a thabharfar breith oraibh, agus is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh. An Bíobla Naofa 1981 óir is de réir na breithe a thugann sibh a thabharfar breith oraibh, agus is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh. |
Óir má mhaitheann sibh do dhaoine a gcionta, maithfidh bhúr n-Athair neamhdha dhaoibh-se bhúr bpeacaí.
Agus dubhairt sé leó: Féach cad a dh’airigheann sibh. An tómhas ’n-a dtómhaisfidh sibh, siné an tómas ’n-a dtómhasfar chúghaibh, agus curfar tuille leis.
Tugaidh uaibh, agus tabharfar daoibh: tómhas maith, díngthe, croithte, cruachta, iseadh chuirfid siad i nbhúr n-ucht chúghaibh. Óir mar a thómhaisfidh sibh uaibh iseadh a tómhasfar chúghaibh thar n-ais.