Agus ná tugaidh bhúr n-athair ar aoinne ar an dtalamh so: óir is aoinne amháin is Athair agaibh, an t-é atá ins na flathais.
Matha 7:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Má’s eól, d’á bhrígh sin, daoibh-se atá go h-olc, conus neithe fóghanta thabhairt d’bhúr gclainn, nách dóichíghe gó mór go dtabharfaidh bhúr n-Athair atá ins na flathais neithe fóghanta dhaoibh-se ach iad d’iarraidh air? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Más eol daoibh, olc is mar atá sibh, dea-thíolaicí a thabhairt do bhur gclann, nach móide go mór a thabharfaidh bhur nAthair atá ar neamh na dea-nithe don dream a bhíos á n‑iarraidh air? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Dá bhrígh sin, má tá tuigse agaibh-se, atá olc, tabhartaisí maithe a thabhairt do bhur gcloinn: nach mó go mór a bhéarfas bhur n-Athair, atá ar neamh, neithe maithe dóbhtha sin a iarras air? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) D’á bhrigh sin, má’s eol daoibh‐se, atá go h‐olc, cionnas deagh‐bhronntanais do thabhairt d’bhúr gclainn, nach dóchaighe go mór go dtiubhraidh bhúr nAthair atá ar neamh deagh‐bhronntanais dóibh‐sean iarrfas air iad? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nadhbharsin, ma atá a fhios agaibhsi atá olc, tiodhluicthe maithe do thabhairt dá bhur gcloinn, a né nach mó ná sin do bhéuraidh bhur Nathairse atá air neamh neithe maithe don dreim iárrus air iád? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dá bhrí sin, más eol daoibh-se, dá olcas sibh, nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh bhur nAthair atá ar neamh nithe maithe dóibh seo a iarrann air iad? An Bíobla Naofa 1981 Dá bhrí sin, más eol daoibhse, dá olcas sibh, nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh bhur nAthair atá ar neamh nithe maithe dóibh seo a iarrann air iad? |
Agus ná tugaidh bhúr n-athair ar aoinne ar an dtalamh so: óir is aoinne amháin is Athair agaibh, an t-é atá ins na flathais.
Óir do ghrádhuigh Dia an domhan chómh mór san gur thug sé a Aon Mhac féin uaidh, i dtreó, gach duine a chreidfeadh ann, na caillfí é, ach go mbeadh beatha shíoruidhe aige.