Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 7:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 D’á bhrigh sin, má’s eol daoibh‐se, atá go h‐olc, cionnas deagh‐bhronntanais do thabhairt d’bhúr gclainn, nach dóchaighe go mór go dtiubhraidh bhúr nAthair atá ar neamh deagh‐bhronntanais dóibh‐sean iarrfas air iad?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Más eol daoibh, olc is mar atá sibh, dea-thíolaicí a thabhairt do bhur gclann, nach móide go mór a thabharfaidh bhur nAthair atá ar neamh na dea-nithe don dream a bhíos á n‑iarraidh air?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Dá bhrígh sin, má tá tuigse agaibh-se, atá olc, tabhartaisí maithe a thabhairt do bhur gcloinn: nach mó go mór a bhéarfas bhur n-Athair, atá ar neamh, neithe maithe dóbhtha sin a iarras air?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Ar a nadhbharsin, ma atá a fhios agaibhsi atá olc, tiodhluicthe maithe do thabhairt dá bhur gcloinn, a né nach mó ná sin do bhéuraidh bhur Nathairse atá air neamh neithe maithe don dreim iárrus air iád?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Má’s eól, d’á bhrígh sin, daoibh-se atá go h-olc, conus neithe fóghanta thabhairt d’bhúr gclainn, nách dóichíghe gó mór go dtabharfaidh bhúr n-Athair atá ins na flathais neithe fóghanta dhaoibh-se ach iad d’iarraidh air?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Dá bhrí sin, más eol daoibh-se, dá olcas sibh, nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh bhur nAthair atá ar neamh nithe maithe dóibh seo a iarrann air iad?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 Dá bhrí sin, más eol daoibhse, dá olcas sibh, nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh bhur nAthair atá ar neamh nithe maithe dóibh seo a iarrann air iad?

Féach an chaibidil Cóip




Matha 7:11
35 Tagairtí Cros  

Agus ná tabhraidh athair ar aoinneach agaibh ar talamh: óir is aoinneach amháin is Athair agaibh, an té atá ins na flaitheasaibh.


Nó má iarrann sé iasc air gur nathair nimhe thiubhras sé dhó?


Óir do ghrádhuigh Dia an saoghal chómh mór sin, go dtug sé a Aon‐Mhac féin, ionnas, gach duine creidfeadh ann, nach gcaillfidhe é, acht go mbéadh an bheatha shíorraidhe aige.


Anois, atá a fhios againn, cibé nidh adeir an dlighe, gur leis an dream atá fá’n dlighe adeir sí é; chum go ndúntar gach béal agus go dtugtar an domhan uile fá bhreitheamhnas Dé:


Créad é, mar sin? An bhfuil an scéal níor fearr againn ’ná tá aca‐san? Ní fhuil ar chor ar bith; mar chruthuigheamar cheana go bhfuil an uile dhuine, lúdaigh agus Gréagaigh, fá chuing an pheacaidh;


An té nár spáráil a Mhac féin, acht thug suas ar son an uile dhuine againn é, nach mbronnfaidh sé gach uile nidh orainn i n‐éinfheacht leis?


Acht do réir na Scrioptúra, atá cách i ngéibheann ag an bpeacadh, chum go dtiubhrthaí an gheallamhain tré chreideamh i nÍosa Críost do na daoinibh chreideas.


Is ó’n áirde thuas atá gach deagh‐thabhartas agus gach tíodhlacadh iomlán, ag teacht anuas ó Athair na soillse, nach dtagann claochlodh ar bith air, ná athrú ó sholas go dorchadas.


Féachaidh méid an ghrádha thug an tAthair dúinn, go nglaodhfaidhe clann Dé orainn: agus atá an scéal amhlaidh ’n‐ár dtaobh. Ar an adhbhar sin ní aithnigheann an saoghal sinn, toisc nár aithnigh sé eisean.


Is ann atá an grádh, ní h‐é go dtugamar grádh do Dhia, acht go dtug seisean grádh dhúinne, agus gur chuir sé a Mhac uaidh mar íodhbarthach ar son ár bpeacaidhe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí