An lá solmanta san, ámhthach, ba ghnáth leis an riaghaltóir aon chime amháin do leigint saor chun na ndaoine, pé cime ba mhaith leó.
Matha 27:16 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Bhí aige an uair sin árd-chime, agus Barabbas ab ainim dó. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bhí príosúnach amháin acu san am, a raibh drochchlú air, agus Barabas ab ainm dó. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bhí aige san am sin príosúnach iomráidhteach, darbh ainm Barabbas. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do bhí aca, an t‐am sin, cime iomráidhteach darbh ainm Barabbas. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhí aca an tan sin braíghe ró oirdheirc dar bhainm Barabbás. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bhí príosúnach iomráiteach ar láimh an uair sin arbh ainm dó Barabas. An Bíobla Naofa 1981 Bhí príosúnach iomráiteach ar láimh an uair sin arbh ainm dó Barabas. |
An lá solmanta san, ámhthach, ba ghnáth leis an riaghaltóir aon chime amháin do leigint saor chun na ndaoine, pé cime ba mhaith leó.
Do chruinnigh Pílát iad, agus dubhairt sé: Cé is toil libh a leigfinn saor chúghaibh, Barabbas nó Íosa ar a dtugtar Críost?
Agus bhí aon phríosúnach amháin ann gur bh’ainim dó Barabbas, agus bhí sé gabhtha ameasg an lucht ceannairce, agus mhairbh sé duine i gceannairc.
Agus do leig sé saor chúcha an fear a dh’iarradar, an fear a bhí istigh le marbhú duine agus le ceannairc; agus thug sé Íosa dhóibh chun a dtoile dh’imirt air.
Ansan do liúghadar go léir airís agus dubhradar: Ná leig saor é seo, ach Barabbas. Agus bitheamhnach ab eadh Barabbas.
Do shéanabhair an t-Aon Naomhtha fíoraonta agus d’iarrabhair an marbhthóir a thabhairt daoibh,