Matha 24:5 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir tiocfaid a lán am’ ainim-se agus déarfaid siad, Is mise Críost; agus meallfaid siad a lán. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar is iomaí duine a thiocfas i mʼainmse, agus a déarfaidh ‘Is mé an Críost,’ agus meallfaidh siad mórán. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir tiocfaidh mórán i m’ainm-se, ag rádh: Is mise an Críost: agus meallfaidh siad mórán. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir tiocfaidh mórán im’ ainm‐se, g‐á rádh, Is mise an Críost; agus meallfaid‐sean a lán. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír tiocfuid móran am mainmsi, ag rádh, Is misi Criósd; agus meallfuid mórán. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 óir tiocfaidh mórán i mʼainm-se ag rá: ‘Mise an Críost,’ agus cuirfidh siad mórán daoine amú. An Bíobla Naofa 1981 óir tiocfaidh mórán i m'ainmse ag rá: ‘Mise an Críost,’ agus cuirfidh siad mórán daoine amú. |
Mar, eireóchaid Críostana fallsa agus fáidhí fallsa, agus tabharfaid siad cómharthaí móra uatha agus iongnaí, i dtreó go seólfaí amú’ na fíoraoin féin (dá mb’ fhéidir é).
Do thánag-sa i n-ainim m’Athar, agus ní ghlacann sibh mé: má thagann duine eile i n-a ainim féin glacfaidh sibh é.
Uime sin adubhart libh, gheobhaidh sibh bás i nbhúr bpeacaíbh; óir mura gcreididh sibh gur mise é gheobhaidh sibh bás i nbhúr bpeaca.
Agus dubhairt Íosa leó: Nuair a dh’árdóchaidh sibh suas Mac an Duine, ansan iseadh bheidh fhios agaibh gur mé é, agus ná deinim nídh ar bith uaim féin, ach gur fé mar a theagaisg m’Athair dom a labhraim na neithe seo.