Ach dheineadar-san neamhshuím de, agus d’imthígheadar, duine acu chun a fheirime, agus duine acu chun a cheannaidheachta.
Matha 22:6 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do rug an chuid eile acu ar a sheirbhísigh, agus thugadar tarcuisne dhóibh, agus mharbhuigheadar iad. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus rug an chuid eile ar a sheirbhísigh, agus thug drochíde náireach dóibh agus mharaigh siad iad. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus rug an chuid eile ar a sheirbhísigh, agus i ndiaidh masla a thabhairt dóibh, chuir siad chun báis iad. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus do rug an chuid eile aca ar a sheirbhíseachaibh, agus thugadar droch‐íde ortha, agus do mharbhadar iad. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus rugadar an chuid eile dhíobh ar a shearbhfhoghantuidhibhsean, agus tugadar easonóir dhóibh, agus do mharbhadar íad. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus an chuid eile acu rug siad ar a chuid seirbhíseach, thug siad easmailt dóibh agus mharaigh siad iad. An Bíobla Naofa 1981 agus an chuid eile acu rug siad ar a chuid seirbhíseach, thug siad easmailt dóibh agus mharaigh siad iad. |
Ach dheineadar-san neamhshuím de, agus d’imthígheadar, duine acu chun a fheirime, agus duine acu chun a cheannaidheachta.
Nuair airigh an rí an nídh sin tháinig fearg air, agus chuir sé a shluaighte armtha uaidh, agus d’ídigh sé na marbhthóirí sin, agus do loisg sé a gcathair.
Óir tabharfar suas do sna geintibh é, agus tarcuisneófar é, agus sgiúrsálfar é, agus caithfar seilí air;
Ansan do deinead, ins na laethibh sin íde ana-dhian ar an eaglais a bhí i nIerúsalem agus do sgaipeadh na daoine go léir tré chríochaibh Iúdaéa agus Shamaría, ach amháin na h-Aspoil.