Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 22:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 agus do rug an chuid eile aca ar a sheirbhíseachaibh, agus thugadar droch‐íde ortha, agus do mharbhadar iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 agus rug an chuid eile ar a sheirbhísigh, agus thug drochíde náireach dóibh agus mharaigh siad iad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Agus rug an chuid eile ar a sheirbhísigh, agus i ndiaidh masla a thabhairt dóibh, chuir siad chun báis iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus rugadar an chuid eile dhíobh ar a shearbhfhoghantuidhibhsean, agus tugadar easonóir dhóibh, agus do mharbhadar íad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus do rug an chuid eile acu ar a sheirbhísigh, agus thugadar tarcuisne dhóibh, agus mharbhuigheadar iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 agus an chuid eile acu rug siad ar a chuid seirbhíseach, thug siad easmailt dóibh agus mharaigh siad iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 agus an chuid eile acu rug siad ar a chuid seirbhíseach, thug siad easmailt dóibh agus mharaigh siad iad.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 22:6
16 Tagairtí Cros  

Acht ní thugadar‐san aon áird air, agus d’imthigheadar, duine aca chum a fheirme féin, duine eile chum a cheannaidheachta:


Acht tháinig fearg mhór ar an righ; agus do chuir sé a shluaighte armtha uaidh, agus do scrios sé na dúnmharbhthóirí sin, agus do loisc sé a gcathair.


Oir do‐bhéarfar é do na Págánachaibh, agus déanfar fonomhaid faoi, agus do‐bhéarfar droch‐íde air, agus caithfear seile air;


Agus d’éirigh géir‐leanmhain mhór an lá sin i gcoinnibh na h‐eaglaise do bhí i nIarúsalem; agus do scaipeadh iad uile ar fud réigiúin Iúdaea agus Shamária, acht amháin na h‐abstail.


áirithe aoidheacht d’ainglibh gan a fhios dóibh féin. Cuimhnighidh ar na priosúnachaibh, fá mar bhéadh sibh ceangailte i n‐éinfheacht leo; ar na daoinibh atá ag fágháil íosbairte, fá mar tá sibh féin i riocht corpordha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí