Ach ó ba dhuine fíoraonta Ióseph, a fear, agus nár mhaith leis masladh puibilidhe thabhairt di, ba mhian leis í chur uaidh a gan fhios.
Matha 19:7 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Dubhradar san leis: Cad chuige, má ’seadh, gur órduigh Maois leitir a díbeartha thabhairt di agus í chur chun siubhail? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dʼfhiafraigh siad de, “Cad chuige mar sin a dʼordaigh Maois do dhuine teastas dealaithe a thabhairt uaidh, agus í a chur uaidh mar sin?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Deir siad-san leis: Cad chuige, mar sin, ar órduigh Maoise litir a scaoilte a thabhairt dí, agus í chur ar shiubhal? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Adubhradar‐san leis, Cad chuige, má’s eadh, ar órduigh Maois billéad scaramhna do thabhairt dí, agus a cur chum bealaigh? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A dubhradarsan ris, Máseadh créd far aithin Máoisi leitir dhealuighthe do thabhairt, agus ise do léigean? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt siad leis: “Cén fáth, más ea, ar ordaigh Maois litir idirscartha a thabhairt le linn í a scaoileadh?” An Bíobla Naofa 1981 Dúirt siad leis: “Cén fáth, más ea, ar ordaigh Maois litir idirscartha a thabhairt le linn í a scaoileadh?” |
Ach ó ba dhuine fíoraonta Ióseph, a fear, agus nár mhaith leis masladh puibilidhe thabhairt di, ba mhian leis í chur uaidh a gan fhios.
D’á bhrígh sin, ní dhá fheóil iad feasda, ach aon fheóil amháin. Uime sin, an nídh a cheangail Dia ná sgaoileadh duine é.
Dubhairt sé leó: Do cheaduigh Maois daoibh-se, toisg an chroidhe cruaidh a bheith agaibh, bhúr mná do chur uaibh; ní raibh an sgéal mar sin, ámhthach, ó thusach.
Agus dubhradh, An t-é a chuirfidh uaidh a bhean phósta, tugadh sé sgríbhinn a díbeartha dhi.
Agus dubhradar: Do cheaduigh Maois Litir imtheachta do sgrí dhi agus i chur chun siubhail.