Agus do ghlaoidh Íosa chuige leanbh beag, agus chuir sé ’n-a sheasamh ’n-a lár é.
Matha 18:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) An uair sin tháinig na deisgiobuil chun Íosa agus dubhradar: Cé h-é, dar leat, an duine is mó i rígheacht na bhflathas? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ba san am úd a tháinig na deisceabail chuig Íosa ag fiafraí de, “Cé is mó i ríocht neimhe?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara An uair sin tháinic na deisciobail chuig Íosa, ag rádh: Cé, dar leat, is mó i ríoghacht na bhflaitheas? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Le n‐a linn sin tháinig na deisceabail chum Íosa, g‐á rádh, Cé h‐é an duine is mó i ríoghacht na bhflaitheas? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Anuarsin tangadar a dheisciobuil chum Iósa, ag rádh, Cía is mó ann sa rioghachd neamhdha? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tháinig na deisceabail san am sin ag triall ar Íosa chun a rá: “Cé hé mar sin an té is mó i Ríocht na bhflaitheas?” An Bíobla Naofa 1981 Tháinig na deisceabail san am sin ag triall ar Íosa chun a rá: “Cé hé mar sin an té is mó i ríocht na bhflaitheas?” |
Agus do ghlaoidh Íosa chuige leanbh beag, agus chuir sé ’n-a sheasamh ’n-a lár é.
Ní h-é gach aoinne adeir liom-sa, A Thighearna, a Thighearna, do raghaidh isteach i rígheacht na bhflathas; ach an t-é a dhéanfaidh toil m’Athar atá ins na flathais, siné a raghaidh isteach i rígheacht na bhflathas.