Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 7:21 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Ní h-é gach aoinne adeir liom-sa, A Thighearna, a Thighearna, do raghaidh isteach i rígheacht na bhflathas; ach an t-é a dhéanfaidh toil m’Athar atá ins na flathais, siné a raghaidh isteach i rígheacht na bhflathas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 “Ní hiad na daoine a bhíos á rá, ‘A Thiarna, a Thiarna’ liom, a rachas isteach i ríocht na bhflaitheas, ach an té sin a chuireas i ngníomh toil mʼAtharsa atá ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

21 Ní h-é gach duine a deir liom-sa: A Thighearna, a Thighearna, a rachas isteach i ríoghacht na bhflaitheas: acht an té a ghní toil m’Athar, atá ar neamh, rachaidh seisean isteach i ríoghacht na bhflaitheas.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Ní h‐é gach aoinneach adéarfas liom, A Thighearna, a Thighearna, rachas isteach i ríoghacht na bhflaitheas; acht an té do‐ghní toil m’Atar atá ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Ní é gach uile neach a deir riomsa, A Thighearna, A Thighearna, rachas a sdeach sa rióghachd neamhdha; achd an té do ní toil Mhatharsa atá áir neamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 “Ní hé gach aon duine a deir liom: ‘A Thiarna, a Thiarna!’ a rachaidh isteach i Ríocht na bhflaitheas, ach an té a dhéanann toil mʼAthar atá ar Neamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

21 “Ní hé gach aon duine a deir liom: ‘A Thiarna, a Thiarna!’ a rachaidh isteach i ríocht na bhflaitheas, ach an té a dhéanann toil m'Athar atá ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 7:21
49 Tagairtí Cros  

Óir pé duine a dhéanfaidh toil m’Athar-sa atá ins na flathais, siné is bráthair agus siúr agus máthair agam-sa.


Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis: Is aoibhinn duit, a Shímóin mhic Ióna, óir ní feóil agus fuil a dh’fhoillsigh duit-se sin, ach m’Athair-se atá ins na flathais.


Tugaidh aire gan neamhshuím a dhéanamh d’aoinne de’n mhuintir bheag san, mar deirim libh go bhfuil radharc do shíor agá n-aingealaibh sin ins na flathais, ar ghnúis m’Athar-sa, atá ins na flathais.


Agus deirim libh ’n-a theannta san, má bhíonn beirt agaibh ar aon aigne ar talamh i dtaobh aon ruda ar bith a bheidh acu d’á iarraidh, go bhfaghaid siad an rud san a dhéanamh dóibh ó m’ Athair-se atá ins na flathais.


Agus dubhairt sé: Go deimhin adeirim libh, mura n-iompuighidh sibh agus bheith ar nós na leanbh, ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas.


Agus sin mar a dhéanfaidh m’Athair-se atá ins na flathais libh-se é mura maithfidh gach duine agaibh d’á bhráthair, ó chroidhe.


Agus deirim airís libh é: Is usa do chamal gabháil tré chró snáthaide ’ná do’n duine saidhbhir dul isteach i rígheacht na bhflathas.


Agus an fhaid a bhíodar ag dul ’ghá ceannach, thainig an céile; agus an mhuintir a bhí ollamh chuadar isteach i n-aonfheacht leis chun na bainise, agus do dúnadh an dorus.


Dubhairt a thighearna leis: Is maith é sin, a sheirbhísigh fhóghanta, dílis; ó bhís dílis os cionn an bheagáin cuirfead thu os cionn an mhóráin; eirigh isteach i n-aoibhneas do thighearna.


Ansan do dhruid sé tamall uatha, agus do thuit sé ar a aghaidh, ag guidhe, agus dubhairt sé: A Athair, má’s féidir é, gabhadh an chailís seo tharam; ach sa n-am gcéadna, ná deintear mar is toil liom-sa, ach mar is toil leat-sa.


Chuaidh sé i leith taoibh airís ag guidhe, agus dubhairt: A Athair, mura féidir an chailís seo do dhul tharm gan me ’ghá h-ól, do thoil-se go ndeintear.


Óir, an t-é a dhéanfaidh toil Dé, siné is bráthair agus siúr agus máthair agam-sa.


An áit ná h-éagann an phiast acu, agus ná múchtar an teine.


Ach dubhairt seisean: Abair, ámhthach, is beannuighthe an mhuintir a chloiseann briathar Dé agus do choimeádann é.


Agus nuair a bheidh fear an tighe imthighthe isteach agus an dorus dúnta aige, tusnóchaidh sibh-se ar sheasamh amuigh agus ar an ndorus do bhualadh, agus ar a rádh: A Thighearna, osgail dúinn! agus déarfaidh sé a’ bhúr bhfreagradh: Ní fheadar cad as daoibh-se.


Is usa do chamal dul tré chró snáthaide ’ná do dhuine shaidhbhir dul isteach i rígheacht Dé.


Agus cad chuige go ndeir sibh liom-sa, A Thighearna, a Thighearna, agus ná deineann sibh an rud adeirim?


Dá n-aithnigheadh sibh mise d’aithneóch’ sibh m’Athair gan amhras, agus aithneóchaidh sibh é feasda, agus do chonacabhair é.


An t-é go bhfuil fuath aige dhómh-sa, tá fuath aige do m’Athair, leis.


Dubhairt Íosa ’ghá fhreagradh: Go deimhin adeirim leat, mura n-aithgheintear duine ó uisge agus ó’n Spioraid Naomh, ní féidir é dhul isteach i rígheacht Dé.


Agus d’fhreagair Íosa iad: Oibrigheann m’Athair go dtí anois, agus oibrighim-se.


Agus sidé toil m’ Athar, a chuir uaidh me, gach duine a chionn an Mac agus a chreideann ann, an bheatha shíoruidhe bheith aige agus déanfad-sa é thógáil suas an lá déanach.


Má’s mian le duine a thoil sin do dhéanamh aithneócaidh sé i dtaobh an teagaisg, an ó Dhia é, nó an uaim féin atáim ag caint.


agus do chuireadar sagairt fé ghrádhaibh dóibh ins gach eaglais, agus dheineadar úrnuighthe agus trosgadh, agus ansan thugadar suas do’n Tighearna iad, óir do chreideadar ann.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí