Ach i dtreó ná tabharfaimís sgannal dóibh, imthigh chun na faraige agus caith dubhán; agus an céad iasg a thiocfaidh aníos, tóg é; agus osgail a bhéal, agus gheobhair statér ann; tóg é sin agus tabhair dóibh sin é asam-sa agus asat féin.
Matha 17:25 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt seisean: Ó dhaoinibh iasachta. Dubhairt Íosa leis: D’á bhrígh sin tá an chlann saor. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Íocann,” ar seisean. Agus nuair a tháinig sé abhaile bhí an tús ag Íosa air ag labhairt leis faoi, mar dúirt sé leis, “Cad é do mheas, a Shíomóin? Cé hiad siúd a mbaineann ríthe an talaimh cíos nó cáin astu? As a gclann féin nó as coimhthígh?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt seisean: Ó na coimhighthigh. Dubhairt Íosa leis: Ar an adhbhar sin tá an chlann saor. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Adubhairt seisean, Íocann. Agus nuair tháinig sé isteach sa tigh do labhair Íosa leisean ar dtús, g‐á rádh, Cad é do bharamhail‐se dhe, a Shíomóin? righthe na talmhan, cé uatha an nglacann siad cíos nó cáin? ó n‐a gclainn féin, nó ó choimhightheachaibh? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A deir seisean, Iócuidh. Agus an tráth do chúaidh sé a sdeach don tigh, do labhair Iósa risean ar tús, ag rádh, Créd í do bharamhuilsi, a Shímóin? cía ar a dtógbhuid ríghthe na talman cios nó cánáchas? an ó ná gcloinn féin, nó ó choimhthighe? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Íocann,” ar seisean. Ach ar dhul isteach sa teach dó, bhain Íosa tosach an scéil de dá rá leis: “Do bharúilse, a Shíomóin: cé uathu a dtobhann prionsaí an tsaoil seo cíos nó cáin–an óna gclann féin nó ó choimhthígh?” An Bíobla Naofa 1981 “Íocann,” ar seisean. Ach ar dhul isteach sa teach dó, bhain Íosa tosach an scéil de á rá leis: “Do bharúilse, a Shiomóin: cé uathu a dtobhann prionsaí an tsaoil seo cíos nó cáin - an óna gclann féin nó ó choimhthígh?” |
Ach i dtreó ná tabharfaimís sgannal dóibh, imthigh chun na faraige agus caith dubhán; agus an céad iasg a thiocfaidh aníos, tóg é; agus osgail a bhéal, agus gheobhair statér ann; tóg é sin agus tabhair dóibh sin é asam-sa agus asat féin.
Innis dúinn, d’á bhrígh sin, cad is dóigh leat? An ceart cáin do dhíol le Caesar nó gan a dhíol?
Le Caesar, ar siad. Ansan dubhairt seisean leo: D’á bhrígh sin tugaidh do Chaesar na neithe is le Caesar; agus tugaidh do Dhia na neithe is le Dia.
Agus d’fhreagair Íosa é agus dubhairt sé leis: Leig liom anois, óir is mar seo is cóir dúinn gach fíoraontacht do chómhlíonadh. Ansan do ghéill sé dhó.