Agus d’itheadar go léir, agus bhí a ndóithin acu. Agus do tógadh an fuighleach, dhá chiseán déag lán d’arán bhriste.
Matha 14:21 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus isé méid daoine a dh’ith bia ann, chúig mhíle fear, gan bac do mhnáibh agus do mhion-daoine. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus an méid a dʼith an bia bhí siad cúig mhíle fear ann gan na mná ná na páistí a chur san áireamh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bhí an méid a d’ith i líon a gcúig mhíle fear, gan trácht ar mhná agus páistí. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ba é méid na ndaoine do bhí ag ithe, tuairim le cúig míle fear, seachas mná agus leanbhaí. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an mhuinntir do bhí ag ithe do bhádar a dtimcheall chúig mhíle fear, leith a muigh do mhnáibh agus do leanbaibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Timpeall cúig mhíle fear a fuair an béile, gan mná ná páistí a áireamh. An Bíobla Naofa 1981 Timpeall cúig mhíle fear a fuair an béile, gan mná ná páistí a áireamh. |
Agus d’itheadar go léir, agus bhí a ndóithin acu. Agus do tógadh an fuighleach, dhá chiseán déag lán d’arán bhriste.
Agus láithreach ’n-a dhiaidh san do chuir Íosa dh’fhiachaibh ar a dheisgiobulaibh dul ar bórd na luinge bige agus dul roimis féin go dtí an taobh thall de’n uisge, chun go gcuirfeadh sé na daoine chun siúbhail.
Ansan dubhairt Íosa: Cuiridh na daoine ’n-a suidhe. Bhí mórán féir sa n-áit. Shuidh na daoine síos, tímpal chúig mhíle duine.
Agus ní raibh aoinne ortha a bhí i ngátar. Mar, an mhuinntir ’n-a raibh talamh nú tighthe acu, do dhíolaidís iad agus thugaidís isteach an méid a gheibhdis ortha,
Ach do chreid a lán de sna daoine a bhí ag éisteacht leis an gcainnt agus b’é uimir na bhfear ná chúig mhíle.