Agus an t-é a ghlac an siól ins na sgeachaibh, siné an t-é a chloiseann an briathar, agus go ndeineann cúram an tsaoghail seo agus mealladh saidhbhris an briathar do mhúchadh, agus bíonn sé gan toradh.
Matha 13:7 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do thuit cuid eile acu ameasg na sgeach; agus d’fhás na sgeacha agus mhúchadar iad. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Thit síolta eile i measc na ndriseog, agus dʼfhás na driseoga aníos gur thacht siad iad. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thuit tuilleadh acu fríd dhreasógaí, agus d’fhás na dreasógaí gur phlúch siad iad. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do thuit cuid eile dhe ar an drisleach; agus d’fhás an drisleach, agus do thacht sé é; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do thuit cuid eile dhe eidi mhuineach; agus do éirghe an muineach súas, agus do mhuch sé é: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Cuid eile fós de, thit sé i measc an deilgnigh, agus dʼfhás an deilgneach aníos agus phlúch é. An Bíobla Naofa 1981 Cuid eile fós de, thit sé i measc an deilgnigh, agus d'fhás an deilgneach aníos agus phlúch é. |
Agus an t-é a ghlac an siól ins na sgeachaibh, siné an t-é a chloiseann an briathar, agus go ndeineann cúram an tsaoghail seo agus mealladh saidhbhris an briathar do mhúchadh, agus bíonn sé gan toradh.
Agus d’eirigh an ghrian agus do ghoill an teas ortha; agus toisg gan an phréamh a bheith acu d’fheóchadar.
Thuit cuid eile acu, ámhthach, ar thalamh fhóghanta; agus thugadar toradh, cuid acu fó chéad, cuid acu fó thrí fichid, cuid acu fó thríochad.
Agus thuit tuille dhe ins na sgeachaibh, agus d’fhás na sgeacha agus mhúchadar an chuid sin, agus níor thug sé toradh uaidh.
Agus do thuit tuille dhe ameasg na sgeach; agus d’fhás na sgeacha i n-aonfheacht leis, agus mhúchadar é.