Agus ní lúgha ’ná mar a fuair Héród; mar do chuireas ag triall air sibh, agus féach níor deineadh aon nídh leis ba chómhionan le bás.
Lúcás 9:9 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt Héród: Bhaineas-sa an ceann d’Eóin; ach cé h-é seo go h-airighim na neithe seo mar gheall air? Agus bhí sé a d’iarraidh é dh’fheisgint. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dúirt Iorua, “Bhain mé an ceann dʼEoin; ach cé hé seo a gcluinim an t‑iomrá seo faoi?” Agus bhí sé i bhfáth le hamharc a fháil air. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt Ioruadh: Bhain mise an ceann de Eoin; acht cé h-é seo fá n-a gcluinim a leithéidí? Agus bhí sé ag iarraidh é d’fheiceáil. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt Ioruath, Do dhí‐cheannas‐sa Eoin: acht cia h‐é seo go gcluinim a leithéide de scéalaibh ’n‐a thaobh? Agus do theastuigh uaidh radharc d’fhágháil air. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dabhairt Iorúaith, Do bhean misi a cheann Deóin: agus cia hé so, ar a gcluinim a leithéde so? Agus diarr sé eision dfaicsin. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach dúirt Héaród: “Maidir le hEoin, bhain mé féin an ceann de; ach cé hé an duine seo a gcluinim tuairiscí mar iad seo air?” Agus bhí sé ag iarraidh radharc a fháil air. An Bíobla Naofa 1981 Ach dúirt Héaród: “Maidir le hEoin, bhain mé féin an ceann de; ach cé hé an duine seo a gcluinim tuairiscí mar iad seo air?” Agus bhí sé ag iarraidh radharc a fháil air. |
Agus ní lúgha ’ná mar a fuair Héród; mar do chuireas ag triall air sibh, agus féach níor deineadh aon nídh leis ba chómhionan le bás.
Agus nuair a chonaic Héród Íosa bhí áthas ana-mhór air, óir bhí sé abhfad ag súil le h-é d’fheisgint, mar bhí sé tar éis a lán d’aireachtaint ’n-a thaobh, agus bhí súil aige go bhfeicfeadh sé mírbhúilt mhór éigin aige ’á dhéanamh.