Agus pé cathair nó dún n-a raghaidh sibh isteach ann, fiafraíghidh cé is creideamhnach ann, agus fanaidh ansan go dtí go mbeidh sibh ag imtheacht.
Lúcás 9:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus pé tigh n-a raghaidh sibh isteach ann, fanaidh ann, agus ná h-imthighidh amach as. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus fanaigí sa chéad teach ina dtéann sibh go n‑imí sibh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, cómhnuighigidh annsin, agus ná h-imthighigidh as. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus cibé teach i n‐a rachfaidh sibh isteach, fanaidh annsin, agus imthighidh as sin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus gidh bé ar bidh teach an a rachtáoi a sdeach, gur ab ann sin fhanfáoi, agus gur ab as rachtái amach. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, cuirigí fúibh ann agus leanaigí oraibh as sin. An Bíobla Naofa 1981 Agus cibé teach a rachaidh sibh isteach ann, cuirigí fúibh ann agus leanaigí oraibh as sin. |
Agus pé cathair nó dún n-a raghaidh sibh isteach ann, fiafraíghidh cé is creideamhnach ann, agus fanaidh ansan go dtí go mbeidh sibh ag imtheacht.
Agus dubhairt sé leó: Pé áit ’n-a raghaidh sibh isteach i dtigh, fanaidh ann go bhfágaidh sibh an áit sin.
Agus dubhairt sé leó: Ná tógaidh aon rud i gcóir an bhóthair, bata ná mála ná arán ná airgead, agus ná bíodh dhá bhrat ag aoinne agaibh;
Agus pé daoine ná glacfaidh sibh imthighidh amach as an gcathair sin agus deinidh an ceó do chrothadh d’bhúr gcosaibh mar fhiadhnuise ’n-a gcoinnibh.
Agus do baisteadh í féin agus a teaghlach, agus ansan d’iarr sí níd: Má ’sé bhur meas (ar sise) go bhfuilimse dílis do’n Tighearna tagaidh isteach am thigh agus fanaid ann. Agus chuir sí fhiachaibh orainn dul.