Agus d’imthigheadar amach go tapaidh ó’n uaigh, agus bhi eagla mór ortha agus áthas mór, agus iad ag ruith chun an sgéil a dh’innsint dos na deisgiobuil.
Lúcás 8:47 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a thuig an bhean nár chuaidh sí gan aithint, tháinig sí agus chaith sí í féin agá chosaibh agus í ag crith, agus d’innis sí os cómhair na ndaoine go léir cad é an chúis n-ar theangbhaidh sí leis, agus conus mar a leighiseadh í láithreach. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a chonaic an bhean nárbh fhéidir a ceilt níos faide, tháinig sí agus í ar aon bhall creatha, agus thit síos roimhe gur fhoilsigh i láthair an tslua cad chuige ar leag sí a lámh air, agus cad é mar a leigheasadh í ar an toirt. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a chonnaic an bhean nach raibh folach aice, tháinic sí agus í ar crith, agus chaith sí í féin ag a chosa, agus d’innis sí ós cómhair na ndaoine go léir cad chuige ar bhain sí leis, agus mar a leigheasadh í ar an bhomaite. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair thug an bhean fá deara nár ceileadh í, tháinig sí ar crith, agus d’á caitheamh síos ag a chosaibh dhí, d’innis sí i bhfiadhnaise na ndaoine go léir cad chuige ar bhain sí leis, agus cionnas mar do leigheasadh í ar an mball. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tráth do chonnairc an bhean gur hairigheadh í, táinic si ar crith, agus ag sléuchdain dósan, dfoillsigh sí dhó a bhriadhnaisi an phobuil uíle créd é an tádhbhar far chumail sí ris, agus cionnus do leigheasadh í ar an mball. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a chonaic an bhean gur tugadh faoi deara í, tháinig sí go creathánach agus chaith í féin síos roimhe, agus dʼinis i láthair cách an fáth ar bhain sí leis agus mar a leigheasadh í láithreach. An Bíobla Naofa 1981 Nuair a chonaic an bhean gur tugadh faoi deara í, tháinig sí go creathánach agus chaith í féin síos roimhe, agus d'inis i láthair chách an fáth ar bhain sí leis agus mar a leigheasadh í láithreach. |
Agus d’imthigheadar amach go tapaidh ó’n uaigh, agus bhi eagla mór ortha agus áthas mór, agus iad ag ruith chun an sgéil a dh’innsint dos na deisgiobuil.
Agus tháinig crith-eagla ar an mnaoi, mar bhí ’fhios aici cad a thárla, agus tháinig sí agus do shléacht sí dhó, agus d’innis sí dhó iomláine na fírinne.
Agus dubhairt Íosa: Do theangbhaidh duine éigin liom; óir is eól dómh-sa go ndeaghaidh cómhacht amach uaim.
Agus dubhairt seisean léi: Do leighis do chreideamh thú, a ’nghean ó; imthigh leat i síothcháin.
D’iarr sé solus agus chuaidh sé isteach agus chaith sé é féin ag cosaibh Phóil agus Shílais,