Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 7:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus do thárla ’n-a dhiaidh san go raibh sé ag dul go dtí an chathair ar a dtugtar Náim, agus bhí a dheisgiobuil i n-aonfheacht leis agus sluagh mhór.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Go gairid ina dhiaidh sin chuaigh sé go dtí cathair a raibh Náín mar ainm uirthi, agus bhí a dheisceabail agus slua mór daoine ina chuideachta.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus thárla ina dhiaidh sin go ndeachaidh sé isteach i gcathair dá ngoirtear Naim, agus chuaidh a dheisciobail agus sluagh mór i n-aoinfheacht leis.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus tharla, tamall ’n‐a dhiaidh sin, go ndeachaidh sé go cathair ar a dtugtar Náin, agus do chuaidh a dheisceabail agus sluagh mór daoine i n‐éinfheacht leis.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus tárla an lá na dhiáigh sin, go ndeachaidh sé don chathruigh dá ngoirthear Náin; agus do chúadar mórán dá dheisciobluibh leis, agus buidhean mhór.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Tharla ina dhiaidh sin go ndeachaigh sé isteach i gcathair ar a nglaotar Náín, agus bhí a dheisceabail agus slua mór dá thionlacan.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Tharla ina dhiaidh sin go ndeachaigh sé isteach i gcathair ar a nglaotar Náín, agus bhí a dheisceabail agus slua mór á thionlacan.

Féach an chaibidil



Lúcás 7:11
3 Tagairtí Cros  

Agus na daoine a tháinig do chuadar thar n-ais abhaile, agus an seirbhíseach a bhí ag dul chun báis fuaradar leighiste é.


Agus nuair a bhí sé ag teacht chun geata na catharach, féach, bhí corp d’á bhreith amach, aonmhac a bhí agá mháthair, agus baintreach ab eadh an mháthair; agus bhí sochraid mhór de mhuintir na catharach léi.


Íosa ó Nasaret: chonus mar do ong Dia é leis an Spioraid Naomh agus le cómhacht, agus gur ghluais sé ag déanamh tairbhthe agus ag leigheas na ndaoine a bhí fé annsmacht an diabhail, toisg Dia bheith leis.