Is cosmhail rígheacht neimhe le fear a bhí ’n-a rí, agus do dhein bainis d’á mhac.
Lúcás 5:34 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé leó: An féidir daoibh teaghlach an chéile do chur ag déanamh trosgaidh agus an chéile ’n-a bhfochair? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt Íosa leo, “An féidir le duine tabhairt ar lucht na bainise troscadh chomh fada agus atá an fear nuaphósta ina gcuideachta? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt seisean leo: An dtig libh tabhairt ar chloinn an fhir nuaphósta troscadh a dhéanamh a fhad agus bhíos an fear nuaphósta ina gcuideachta? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt Íosa leo, An féidir libh a chur d’fhiachaibh ar lucht cóisire an fhir nua‐phósta troscadh do dhéanamh agus an fear nua‐phósta ’n‐a bhfochair? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt seision ríu, An bhféadtáoisi a thabhairt air chloinn tséomra an fhir núa phósda trosgadh do dhéunamh, an feadh bhías sé féin na bhfochair? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt Íosa leo: “An féidir libh a thabhairt ar ógánaigh na bainise troscadh a dhéanamh, le linn don fhear nuaphósta a bheith leo? An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Íosa leo: “An féidir libh a thabhairt ar ógánaigh na bainse troscadh a dhéanamh, le linn don fhear nuaphósta bheith leo? |
Is cosmhail rígheacht neimhe le fear a bhí ’n-a rí, agus do dhein bainis d’á mhac.
Agus dubhairt Íosa leó: An féidir do chlainn an Chéile bheith duairc an fhaid atá an Céile ’n-a bhfochair? Ach tiocfaidh an t-am i n-a dtógfar uatha an Céile, agus ansan déanfaid siad trosgadh.
Ach dubhradar-san: Cad ’n-a thaobh go mbíd deisgiobuil Eóin ag déanamh trosgaidh agus úrnuighthe go minic, agus deisgiobuil na bhFairisíneach mar an gcéadna, agus go mbíd do dheisgiobuil-se ag ithe agus ag ól?
Ach tiocfaidh na laethanta nuair a béarfar uatha an céile, ansan déanfaid siad trosgadh ins na laethantaibh sin.
An t-é go bhfuil an bhainchéile aige siné an céile; ach cara an chéile, atá ’n-a sheasamh ag éisteacht leis, glacann sé áthas mór ó ghuth an chéile. An t-áthas so d’a bhrígh sin atá orm-sa, tá sé iomlán.