Ní’l sé anso: Mar d’aiseirigh sé, fé mar a gheall sé: tagaidh agus féachaidh ar an áit ’n-ar cuireadh an Tighearna.
Lúcás 24:23 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus ní bhfuaradar an corp, agus thánadar agus dubhradar go bhfeacadar aingil adeir go bhfuil sé beó. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus ní bhfuair siad a chorp ann; ach tháinig siad agus dúirt siad go bhfaca siad aingil i bhfís, agus go ndúirt siadsan go raibh sé beo. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus mar nach bhfuair siad a chorp, tháinic siad a rádh go bhfaca siad féin fosta radharc aingeal, a deir go bhfuil sé beo. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus nuair nach bhfuaradar a chorp, thángadar, g‐á rádh go bhfacadar mar bhéadh taidhbhreadh aingeal adubhairt go raibh sé beo. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus mar nach bhfuaradar a chorpsan, tangadar, ag rádh, go bhfacadar féin fós taidhbhsi aingeal, a deir go bhfuil sé na bheathaigh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 nuair nach raibh a chorp le fáil acu ann, tháinig siad agus scéala acu, fiú amháin, gur thaispeáin aingil iad féin dóibh a dúirt go bhfuil sé beo. An Bíobla Naofa 1981 nuair nach raibh a chorp le fáil acu ann, tháinig siad agus scéala acu, fiú amháin, gur thaispeáin aingil iad féin dóibh a dúirt go bhfuil sé beo. |
Ní’l sé anso: Mar d’aiseirigh sé, fé mar a gheall sé: tagaidh agus féachaidh ar an áit ’n-ar cuireadh an Tighearna.
Agus nuair airigheadar é bheith beó, agus go bhfeacaidh sí é, níor chreideadar an sgéal.
Agus bhí mná linn ag an dtuama roimh sholus an lae, agus chuireadar sgannradh orainn,
Agus d’imthigh daoine uainn go dtí an tuama agus fuaradar neithe mar adubhairt na mná, ach ní bhfuaradar é féin.
Tháinig Máire Mhaghdalén agus d’innis sí do sna deisgiobuil: Do chonac an Thighearna agus dubhairt sé na neithe seo liom.