Agus do cheannuigh Ióseph línéadach agus thóg sé anuas ó’n gcrois é, agus d’fhill sé sa línéadach é, agus chuir sé isteach é i dtuama a bhí gearrtha a’ caraig, agus d’iompuigh sé leac chun doruis an tuama.
Lúcás 23:53 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus thóg sé anuas é, agus d’fhill sé i línéadach é, Agus chuir sé i dtuama é a bhí gearrtha i gcaraig, agus nár cuireadh aoinne ann go dtí san, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ansin thug sé anuas é agus dʼfhill taiséadach lín air, gur chuir é i dtuama a gearradh amach as an gcarraig, tuama nár cuireadh corp duine ann riamh roimhe sin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ghá tógáil anuas dó, chuach sé i línéadach é, agus chuir sé é i dtuamba a bhí gearrtha as carraig, agus nach raibh aoinneach curtha ann go dtí sin. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do thóg sé anuas é, agus d’fhill sé i línéadach é, agus do chuir sé é i dtuama do bhí gearrtha i gcarraig, tuama nár cuireadh aon duine riamh roimhe sin ann. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar na bhúain a núas dó, do chuir sé linéadach na thimcheall, agus do chuir sé a dtúama do bhí ar na thochailt a gcarraic é, ann nach ar cuireadh áonduine roimhesion a ríamh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ansin thóg sé anuas den chros é, dʼfhill i línéadach é agus chuir i dtuama é a bhí gearrtha sa charraig, nár cuireadh aon duine ann roimhe riamh. An Bíobla Naofa 1981 Ansin thóg sé anuas den chros é, d'fhill i línéadach é agus chuir i dtuama é a bhí gearrtha sa charraig, nár cuireadh aon duine ann roimhe riamh. |
Agus do cheannuigh Ióseph línéadach agus thóg sé anuas ó’n gcrois é, agus d’fhill sé sa línéadach é, agus chuir sé isteach é i dtuama a bhí gearrtha a’ caraig, agus d’iompuigh sé leac chun doruis an tuama.
Agus bhí sa n-áit ’n-ar céasadh é gáirdín, agus sa gháirdín bhí tuama nua nár h-adhlacadh aoinne fós ann.
Agus nuair a bhí gach nídh d’á raibh sgríobhtha ’n-a thaobh cómhlíonta acu thógadar anuas de’n adhmad é agus chuireadar i leacht é.