Agus dubhairt sé leó: Thugabhair chúgham an duine seo mar go raibh sé ag cur na ndaoine ar aimhleas, agus féach, do cheistigheas os bhúr gcómhair é agus ní bhfuaras ciontach i n-aon nídh é de sna neithibh atá agaibh ’á chur ’n-a leith.
Lúcás 23:22 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt seisean leó an trímhadh h-uair: Agus cad é an t-olc atá déanta aige? Ní bhfaighim aon choir bháis ann; smachtóchad é, d’á bhrígh sin, agus leigfead chun siubhail é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Labhair sé an tríú huair leo, “Cad chuige, cad é an choir atá déanta aige? Ní fheictear dom go bhfuil aon choir déanta aige a thuillfeadh bás; mar sin smachtóidh mé é agus scaoilfidh mé saor é.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt sé leo an tríomhadh h-uair: Agus cad é an t-olc atá déanta aige seo? Ní fhaghaim-se aon chúis bháis ann; ar an adhbhar sin, smachtfaidh mé é, agus leigfidh mé saor é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt sé leo an treas uair, Cad chuige, cad é an t‐olc atá déanta aige? Ní fhuaras‐sa aon chúis báis ann: smachtóchad é, d’á bhrigh sin, agus scaoilfead saor é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt sé rín an treas uáir, Achd, créud é an tolc do rinne sé? ní fhuair mísi cúis bhais ar bith air: ar a nadhbharsin ar na smachdughadh, leigfidh mé amach é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé leo den tríú huair: “Cén t-olc mar sin a rinne an duine seo? Ní bhfuair mé rud ar bith ann a thuillfeadh bás. Dá bhrí sin, tar éis a smachtaithe dom, scaoilfidh mé saor é.” An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé leo den tríú huair: “Cén t‑olc mar sin a rinne an duine seo? Ní bhfuair mé rud ar bith ann a thuillfeadh bás. Dá bhrí sin, tar éis a smachtaithe dom, scaoilfidh mé saor é.” |
Agus dubhairt sé leó: Thugabhair chúgham an duine seo mar go raibh sé ag cur na ndaoine ar aimhleas, agus féach, do cheistigheas os bhúr gcómhair é agus ní bhfuaras ciontach i n-aon nídh é de sna neithibh atá agaibh ’á chur ’n-a leith.
Ach do leanadar-san ag liúirigh do ghuthanaibh árda go ndéanfaí é chéasadh, agus do bhuaidh a nguthana.
Agus dubhairt Pílát le h-uachtaráin na sagart agus leis an sluagh: Ní bhfaighim aon choir sa duine seo.