Lúcás 23:21 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus is amhlaidh a liúghadar níos aoirde: Dein é chéasadh; dein é chéasadh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) ach ghlaoigh siad os ard, “Déan a chéasadh, céas ar chrann é!” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht scairt siad amach arís, ag rádh: Céas é, céas é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) acht do ghlaodhadar amach, g‐á rádh, Céas, céas é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd do éimhgheadarsan, ag rádh, Croch é, croch é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach bhí siad ag liúireach: “Céas é, céas é!” An Bíobla Naofa 1981 Ach bhí siad ag liúireach: “Céas é, céas é!” |
Agus dubhairt seisean leó an trímhadh h-uair: Agus cad é an t-olc atá déanta aige? Ní bhfaighim aon choir bháis ann; smachtóchad é, d’á bhrígh sin, agus leigfead chun siubhail é.
Ach do leanadar-san ag liúirigh do ghuthanaibh árda go ndéanfaí é chéasadh, agus do bhuaidh a nguthana.
Ach do liúghadar: Tóg uainn é, tóg uainn é; céas é! Dubhairt Pílát leó: An ndéanfad bhúr rí do chéasadh? D’fhreagair na h-árd-shagairt: Ní’l aon rí againn ach Caesar.
Agus bíodh ná fuaradar aon choir ann d’iarradar ar Phílát go leogfí dhóibh é chur chun báis.