Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 22:33 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus dubhairt seisean leis: A Thighearna, táim ollamh ar dhul leat-sa chun príosúin agus chun báis.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus dúirt seisean leis, “A Thiarna, táim réidh le do leanúint chun an phríosúin agus chun an bháis.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus dubhairt seisean leis: A Thighearna, tá mé réidh le dhul leat-sa chun príosúin agus chun báis.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus adubhairt seisean leis, A Thighearna, atáim ullamh ar dhul leat‐sa chum príosúin agus chum báis.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus a dubhairt seision ris; A Thighearna atáim ullamh air bhul leachdsa, chum príosúin, agus chum báis leis.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Dúirt seisean leis: “A Thiarna, táim ullamh ar dhul leat-sa chun príosúin agus fós chun báis.”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt seisean leis: “A Thiarna, táim ullamh ar dhul leatsa chun príosúin agus fós chun báis.”

Féach an chaibidil



Lúcás 22:33
16 Tagairtí Cros  

Ach d’fhreagair Íosa, agus dubhairt: Ní h-eól daoibh cad ’tá agaibh ’á iarraidh. An bhfuil sibh ábalta ar an gcailís a dh’ólfad-sa d’ól? Deirid siad leis, Táimíd.


Agus dubhairt Peadar leis: Bíodh go nglacfaidís go léir sgannal umat, ní ghlacfad-sa.


Ach sin mar ba dhéine do labhair seisean: Dá gcaithinn dul chun báis i n-aonfheacht leat ní shéanfad tú. Agus do labhradar go léir ar an gcuma gcéadna.


Ach dubhairt seisean: Deirim leat, a Pheadair, ná glaoidhfidh an coileach indiu go séanair-se trí h-uaire aon aithne bheith agat orm. Agus dubhairt sé leó:


Agus do shéan seisean é, agus dubhairt sé: A bhean, ní’l aon aithne agam air.


D’fhreagair Íosa é: Tabharfair t’anam ar mo shon? Go deimhin, deimhin, adeirim leat, ní ghlaodhfaidh an coileach sar a séanfair trí h-uaire mé.


Ansan dubhairt Pól ’ár bhfreagrad: Cad tá agaibh á dhéanamh, ag gol agus ag cur buartha ar mo chroide? Táimse ollamh, ní h-amháin chun ceangail d’fhulag ach fós chun báis d’fhulag, ar son ainime an Tighearna Íosa.