Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Lúcás 22:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Agus adubhairt seisean leis, A Thighearna, atáim ullamh ar dhul leat‐sa chum príosúin agus chum báis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

33 Agus dúirt seisean leis, “A Thiarna, táim réidh le do leanúint chun an phríosúin agus chun an bháis.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

33 Agus dubhairt seisean leis: A Thighearna, tá mé réidh le dhul leat-sa chun príosúin agus chun báis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

33 Agus a dubhairt seision ris; A Thighearna atáim ullamh air bhul leachdsa, chum príosúin, agus chum báis leis.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Agus dubhairt seisean leis: A Thighearna, táim ollamh ar dhul leat-sa chun príosúin agus chun báis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

33 Dúirt seisean leis: “A Thiarna, táim ullamh ar dhul leat-sa chun príosúin agus fós chun báis.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 22:33
16 Tagairtí Cros  

Acht d’fhreagair Íosa, agus adubhairt, Ní fios daoibh créad iarras sibh. An cupán ólfad‐sa an féidir libh‐se a ól? Adubhradar‐san leis, Is féidir linn.


Acht adubhairt Peadar leis, Bíodh go bhfuigheadh cách scannal, ní fhaighead‐sa.


Acht ba eadh ba dhéine do labhaiseisean, Má’s éigean dom bás féin d’fhágháil i n‐éinfheacht leat, ní shéanfad thú. Agus do labhradar uile ar an gcuma gcéadna.


Agus adubhairt seisean, Adeirim leat, a Pheadair, nach nglaodhfaidh an coileach indiu, go séanfair trí h‐uaire aon aithne do bheith agat orm.


Acht do shéan seisean é, g‐á rádh, A bhean, ní fhuil aon aithne agam air.


D’fhreagair Íosa, An dtiubhraidh tú t’anam ar mo shon? Go fírinneach adeirim leat, Ní ghlaodhfaidh an coileach sara séanfair trí h‐uaire mé.


Annsin d’fhreagair Pól, Cad chuige dhaoibh bheith ag gol agus ag briseadh mo chroidhe? óir atáim‐se ullamh, ní h‐é amháin chum bheith ceangailte, acht fós chum báis d’fulang i nIarúsalem ar son ainme an Tighearna Íosa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí