Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 20:9 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus chrom sé ar an soluíd seo do labhairt leis na daoine: Do dhein duine fíonghort agus chuir sé é chun lucht saothruighthe, agus bhí sé féin i ndúthaigh iasachta ar feadh abhfad.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus thosaigh sé ar insint an fháithscéil seo do na daoine, “Fear a bhí ann a chuir fíonghort faoi chrainn fíniúna, agus a chuir ar chíos é ag tionóntaí, agus a dʼimigh leis ar an gcoigrích ar feadh i bhfad.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus thoisigh sé a rádh an fháithscéil seo leis an phobal: Chuir duine fíonghort, agus shuidh sé le feirmeoirí é, agus chuaidh sé féin ar an choigchrích ar feadh i bhfad.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus do thosnuigh sé ar an tsamhlaoid seo do labhairt leis na daoinibh: Do chuir duine fíonghort, agus thug sé ar cíos do scológaibh é, agus d’imthigh sé go tír eile go ceann i bhfad.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do thionnsgain sé an chosamhlachdsa do rádh ris an bpobal; Do chuir duine áirighe fíneamhuin, agus tug sé amach do sgológuibh í, agus do bhi sé féin a gcoigcrích air feadh aimsire faide.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Thosaigh sé ansin ag rá an pharabail seo leis an bpobal: “Phlandaigh duine fíon-ghort, agus chuir ar cíos chun curadóirí é, agus chuaigh ar an gcoigríoch go cionn mórán aimsire.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Thosaigh sé ansin ag rá an pharabail seo leis an bpobal: “Phlandaigh duine fíonghort, agus chuir ar cíos chun curadóirí é, agus chuaigh ar an gcoigrích go cionn mórán aimsire.

Féach an chaibidil



Lúcás 20:9
15 Tagairtí Cros  

Mar, ar nós an fhir a bhí ag dul abhfad ó bhaile, agus do ghlaoidh chuige a sheirbhísigh, agus thug a chuid dóibh,


Dubhairt sé, d’á bhrígh sin: D’imthigh duine uasal áirithe go dúthaigh iasachta chun rígheachta ghabháil dó féin agus teacht thar n-ais.


Agus nuair tháinig an t-am chuir sé seirbhíseach leis ag triall ar an lucht saothruighthe a d’iarraidh toradh an fhíonghuirt. Agus do ghabhadar air, agus chuireadar uatha folamh é.


Agus dubhairt Íosa leó: Ní lúgha ’ná mar a neósfad-sa dhaoibh-se cad é an t-úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh.